Tháinig comhpháirtithe Thionscadal TRINNO (Éiceachóras gnó don Traidisiún agus don Nuálaíocht (nó ‘TRadition and INNOvation’ i mBéarla)), lena n-áirítear Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair, Wetbic, Comhairle Contae Liatroma agus Comhairle Contae Ros Comáin, le chéile le haghaidh Ócáid Foghlama Ceardlainne Idir-réigiúnaí i bhFlórans, an Iodáil.
Ba é Arezzo Innovazione, comhpháirtí óstach agus Príomh-Chomhpháirtí de chuid Thionscadal TRINNO, a d’eagraigh an chomhdháil oscailte ar an Nuachóiriú Tionsclaíoch agus ar an gComhar Idir-réigiúnach. Eagraíodh an chomhdháil in éineacht le tionscadal NMP-REG (Clár de chuid Interreg na hEorpa).
Thug an chomhdháil deis le haghaidh díospóireacht oscailte a dhéanamh ar an dóigh a mbíonn Tionsclaíocht 4.0 (I4.0) á cur i bhfeidhm ar fud na hEorpa agus ar an dóigh a mbíonn gníomhaithe éagsúla Eorpacha agus réigiúnacha ag déileáil leis na deiseanna agus na dúshláin a ghabhann léi.
Tháinig an lucht léinn, saineolaithe, fiontair, daoine den phobal i gcoitinne agus ionadaithe do thionscadail dhifriúla de chuid Interreg na hEorpa le chéile chun féachaint ar an dóigh a mbíonn gníomhaithe éagsúla Eorpacha agus réigiúnacha ag déileáil leis na deiseanna agus na dúshláin a ghabhann le I4.0. Mar a luaigh Marc Pattinson, saineolaí an Ardáin Foghlama Beartais ar an Taighde agus an Nuálaíocht, áirítear iad seo a leanas leis na deiseanna a chruthaíonn I4.0 don nuachóiriú tionsclaíoch agus do chomhpháirtíochtaí tionsclaíocha: uirlisí modheolaíocha a chomhroinnt; comhar téamabhunaithe a chothú; ionstraimí airgeadais a fhorbairt; agus rannpháirtíocht gnólachtaí agus fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) a chur chun cinn.
Fuarthas dearcadh réigiúnach ó Albino Caporale, Stiúrthóir réigiún na Tuscáine, a labhair faoin bhféidearthacht atá ann na tionscadail sin a úsáid chun taithí a chomhroinnt faoin modheolaíocht le haghaidh an t-aistriú teicneolaíochta a dhéanamh éifeachtúil.
Duine eile a ghlac páirt sa Cheardlann Idir-réigiúnach trí fhíschomhdháil ba ea Nikos Pantalos, saineolaí sinsearach de chuid na hArd-Stiúrthóireachta um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide. Labhair sé faoin tábhacht a bhaineann le comhar idir-réigiúnach ó thaobh an taighde agus na nuálaíochta de. Dúirt sé freisin go dtarraingíonn an Nuachóiriú Tionsclaíoch aird ar an gcomhar agus ar an oibriú comhpháirteach atá ar bun le tionscadail de chuid Interreg na hEorpa agus Fhís 2020.
Tá tionscadail TRINNO agus NMP-REG ag tarraingt ar dheireadh a dtréimhse trí bliana, ina ndeachthas i mbun dianchomhar idir-réigiúnach in dhá réimse théamacha dhifriúla. Pléann an chéad cheann díobh leis an nuálaíocht dhigiteach in earnálacha traidisiúnta agus pléann an dara ceann leis an aistriú teicneolaíochta i réimse na nanaitheicneolaíochtaí agus na n-ábhar nua. Cé gur dhá théama dhifriúla iad, tá I4.0 sa déantúsaíocht i bpáirt acu araon. Fianaise eile ar an ionchur ó thionscadail de chuid Interreg na hEorpa is ea gur ghlac dhá thionscadal eile dá chuid páirt sa chomhdháil (INNOPROVEMENT agus STEPHANIE). Bíonn an dá cheann díobh ag imirt ról gníomhach láidir ó thaobh I4.0 de. Dar le Peter Keller, ionadaí d’Aireacht Airgeadais na hUngáire – ar comhpháirtí de chuid thionscadal INNOPROVEMENT í – tá cur chun feidhme thionscadal Interreg na hEorpa mar fhianaise go dtéann dea-chleachtais, catalóga seirbhíse de chuid FBManna agus suirbhéanna ar FBManna i bhfeidhm go mór ar ghlaonna taighde, forbartha agus infheistíochta.
Bhí an seisiún tráthnóna ar siúl go comhuaineach, ar lena linn a tionóladh dhá cheardlann dhoimhne ar an déantúsaíocht thraidisiúnta agus ar ardábhair. Rinne cuibhreannas TRINNO mionphlé ar na deiseanna agus na rioscaí a ghabhann leis an Nuachóiriú Tionsclaíoch le haghaidh FBManna a ghabhann don Déantúsaíocht Thraidisiúnta. Tugadh aghaidh ar bhearta riachtanacha beartais phoiblí ag an am céanna.
Ar an dara lá, a bhí tiomnaithe d’Ócáid Foghlama Idir-réigiúnaí, chomhroinn comhpháirtithe TRINNO lena chéile na Pleananna Gníomhaíochta agus na gníomhaíochtaí a bhí le cur i gcrích faoi dheireadh Chéim 1. Mar chuid de sin, tugadh forbhreathnú ar thorthaí an Athbhreithnithe Lár Téarma agus seoladh Céim 2.
An rud atá taobh thiar den rath atá ar chuid mhór tionscadal is ea eispéiris foghlama agus chomhroinnte. Áirítear leo sin malartuithe foirne, malartuithe idir-réigiúnacha eolais, eispéireas agus ionchur, Cuairteanna Staidéir, láithreoireachtaí maidir le dea-chleachtais, etc. Rud atá chomh tábhachtach céanna is ea go mbaineann na tionscadail agus na huirlisí sin feabhsuithe beartais amach a thugann aghaidh ar dhúshláin agus deiseanna an lae inniu. Is amhlaidh an scéal i gcás I4.0. Ní féidir a shéanadh go bhfuil borradh ag teacht faoi I4.0 ar fud na hEorpa. Baineann sé leis an uathoibriú agus leis an malartú sonraí i dteicneolaíochtaí déantúsaíochta, agus gach rud atá i gceist le próisis déantúsaíochta á nascadh go digiteach aige. Bíonn I4.0 ag dul i bhfeidhm ar iomaíochas FBManna; déarfadh daoine áirithe fiú gur riosca contúirteach don earnáil thraidisiúnta é. Fad a ghlacann údaráis áitiúla, náisiúnta agus AE an cur chuige cuí, a sholáthraíonn siad an t-eolas cuí agus an tacaíocht struchtúrach chuí agus a chuireann siad na beartais shaincheaptha chuí i bhfeidhm, is féidir le I4.0 roinnt deiseanna éagsúla a chruthú. Teastaíonn ó phróisis nuachóirithe thionsclaíoch treoir ó bheartais agus ó straitéisí a gcuireann an lucht déanta beartas chun feidhme iad. Ar an mbealach sin, is dóigh go seachnófaí an baol go ndéanfaí rioscaí de na deiseanna a ghabhann le I4.0.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Thionscadal TRINNO, tabhair cuairt ar:
https://www.interregeurope.eu/trinno/
Teagmhálaí:
Sara Bonici, Arezzo Innovazione, an Iodáil
Príomh-Chomhpháirtí
ríomhphost: trinno@rarezzoinnovazione.it, teileafón: +390 575 489 663
Anamarija Kamin, Development Centre of the Heart of Slovenia, an tSlóivéin
Comhordaitheoir Gníomhaíochtaí Cumarsáide
ríomhphost: anamarija.kamin@razvoj.si, teileafón: +386 1 896 27 10
Liosta comhpháirtithe i dtionscadal TRINNO:
* Arezzo Innovazione, an Iodáil
* ELI-HU Research and Development Non-profit LTD, an Ungáir
* Rialtas Réigiúnach Chontae Csongrad, an Ungáir
* Innovation & Management Centre Limited / WesBIC
* Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair
* Development Centre of the Heart of Slovenia, an tSlóivéin
* Ollscoil Barcelona