Cistiú Comhtháthaithe ón Aontas Eorpach don tréimhse 2021 go 2027

In éineacht lenár gcuid Comhghleacaithe i dTionól Réigiúnach an Deiscirt, i dTionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre, sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus sa Roinn Oideachais agus Scileanna, tá Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair ag comhordú cleachtadh Comhairliúcháin Phoiblí maidir le Cistiú Comhtháthaithe ón Aontas Eorpach (AE) don tréimhse 2021 go 2027.

Cabhróidh an próiseas rannpháirtíochta sin le sainaithint a dhéanamh ar na tosaíochtaí don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus do Chláir Oibriúcháin faoi Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus faoi Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) don tréimhse 2021 go 2027.

Tá dhá chuid ann den Phróiseas Comhairliúcháin Phoiblí.

  1. 1. Suirbhé atá ceaptha chun tuairimí agus aighneachtaí a fháil maidir leis na gnéithe uile de na Cistí Comhtháthaithe ó AE agus maidir leis na tosaíochtaí do na Cláir Oibriúcháin atá le teacht faoi CFRE agus faoi CSE+ don tréimhse 2021 – 2027.
  2. Beidh deis ag geallsealbhóirí a dtuairimí a chur in iúl ag ceardlann comhairliúcháin a bheidh ar siúl Dé Máirt an 28 Iúil 2020. Seolfar an cheardlann sin go fíorúil.

Is féidir faisnéis mhionsonraithe agus naisc a bhaineann leis an suirbhé agus leis an gceardlann a fháil ar www.esif.ie

Gabhaimid buíochas leat roimh ré as ucht do spéise agus do rannpháirtíochta agus táimid ag tnúth le dul i dteagmháil leat, nó le d’eagraíocht, ar an mbeartas ríthábhachtach seo dár dtír thar na blianta atá romhainn.

Má bhíonn aon cheisteanna sonracha agat maidir leis an bpróiseas Comhairliúcháin Phoiblí, seol ríomhphost chugainn ag consultation@nwra.ie

 

Related Posts