Thug toscairí ó Thuaisceart agus Iarthar na hÉireann Cuairt Mhalartúcháin Eolais ar Kuopio, an Fhionlainn. Thaistil an toscaireacht mar chuid de thionscadal darb ainm EUREGA de chuid Chlár Interreg na hEorpa. Áiríodh léi Brendan Mooney (Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair), Patrick Devine (Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair), Suzanne Seery (Bia-eolaí, Croí, ar Carthanas Croí agus Stróc é), Lisa Corbett (Saineolaí Cothúcháin Pobail Sinsearach i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)) agus Elaine Donohue (bainisteoir Champas Nuálaithe BIA i mBaile Átha an Rí).
Suzanne Seery, Bia-eolaí ó Croí (Carthanas Croí agus Stróc), agus í ag tabhairt láithreoireacht do chomhpháirtithe agus geallsealbhóirí de chuid thionscadal EUREGA
Sna láithreoireachtaí a fuarthas ó thaighdeoirí cothúcháin ó Ollscoil Oirthear na Fionlainne, tarraingíodh aird ar na cosúlachtaí atá ann idir patrúin chothúcháin na Nordach agus patrúin chothúcháin na Meánmhara, rud a bhí an-fhaisnéiseach do na hÉireannaigh a bhí i láthair. Dúirt Suzanne Seery, “Tá a lán taighde ar réim bia na Meánmhara ann ina léirítear go dtacaíonn sí le galar cardashoithíoch a chosc. Áirítear le réim bia na Nordach agus réim bia na Meánmhara araon bianna plandabhunaithe íosphróiseáilte, gránaigh shlánghráinneacha amhail coirce, eorna agus seagal, agus torthaí agus glasraí. Caitear iasc olúil go tráthrialta agus is beag feoil dhearg a itear”.
Lisa Corbett (Saineolaí Cothúcháin Pobail Sinsearach in FSS), agus í ag labhairt le comhpháirtithe agus geallsealbhóirí de chuid thionscadal EUREGA faoin gcreat Éire Shláintiúil
Tá Elaine Donohue ina bainisteoir ar Champas Nuálaithe BIA i mBaile Átha an Rí, a bhfuil a thógáil le tosú sa bhliain 2020. Fuair sí an deis chun cuairt a thabhairt ar an tSaotharlann Bia Amach Anseo in Ollscoil Eolaíochtaí Feidhmeacha Savonia. Ag labhairt di faoin gcuairt, dúirt sí, “B’iontach an rud é foghlaim faoi na teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn chun cúnamh a thabhairt do chuideachtaí táirgí bia a fhorbairt agus taighde tomhaltais a dhéanamh”.
D’fhoghlaim na rannpháirtithe faoin gclár ‘Béilí Scoile Saor in Aisce’ atá ar bun san Fhionlainn, rud trína bhfuil gach leanbh i naíscoileanna, i mbunscoileanna agus i meánscoileanna i dteideal béile sláintiúil a fháil saor in aisce. Dúirt Lisa Corbett, Saineolaí Cothúcháin Pobail Sinsearach in FSS, a oibríonn ar an straitéis Éire Shláintiúil, “Bhí sé spéisiúil a fheiceáil le mo shúile féin cén dóigh a mbíonn leanaí ag baint tairbhe as clár béilí sláintiúla scoile, rud a chreideann muintir na Fionlainne a bheith an-tábhachtach do shláinte agus folláine leanaí agus don chumas atá acu foghlaim agus forbairt”.
Cistíodh an chuairt trí thionscadal EUREGA de chuid Interreg na hEorpa agus bhí sí ina deis uathúil chun foghlaim faoi threoirlínte cothúcháin na Fionlainne agus faoi phatrún cothúcháin na Nordach. Tá sé beartaithe ag na geallsealbhóirí leas a bhaint as an eolas a gnóthaíodh ar mhaithe le feabhas a chur ar bheartais in Éirinn.