Chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna iarratas isteach ar an 16 Bealtaine 2014 ar chómhaoiniú AE faoin gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú chun tacú le hoibrithe a ndeachaigh iomarcaíocht ag Andersen Ireland Ltd i bhfeidhm orthu.
Gléasra monaraíochta seodra cosmaideacha ab ea Andersen Ireland Ltd i Ráth Caola, Co. Luimneach a raibh fórsa saothair 171 duine ann, mná den chuid is mó, a dúnadh go déanach in 2013. D’iarr Éire ceadú agus fuarthas é do chlár tacaíochtaí margaidh saothair faoin gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú ar bhonn an tionchair thromchúisigh a bheadh ag cailliúint na bpost ar an bhfostaíocht agus ar an ngeilleagar áitiúil. Reáchtáladh clár CED 2 bhliain le cómhaoiniú ón AE ó Bhealtaine 2014 go Bealtaine 2016.
Sa chlár seo, bhain údaráis na hÉireann leas as beart roghnach nua a bhí ar fáil do bhabhta 2014-2020 de mhaoiniú CED, a cheadaíonn do na Ballstáit sin ar sháraigh a rátaí dífhostaíochta óige 25% go 2012 cuidiú le líon coibhéiseach daoine óga mar oibrithe iomarcacha spriocdhírithe laistigh de chlár CED, áit a bhfuil na daoine óga faoi 25 bliana d’aois agus gan a bheith fostaithe, ar chúrsa oideachais ná ag dul faoi oiliúint (NEETanna).
Ba é €2.5m an caiteachas measta faoin gclár ceadaithe, dá nglacfaí leis an gcistiú go léir, agus chuirfeadh an AE cómhaoiniú 60% (€1.5m) den chaiteachas ar fáil.
Is féidir tuarascálacha cur chun feidhme ar chlár CED Andersen Ireland a fheiceáil thíos:
Bunaíodh Fóram Feidhmiúcháin CED mar chabhair chun clár CED a chur chun feidhme. Gheofar miontuairiscí chruinniú an Fhóraim thíos:
Chuir Údarás Bainistíochta CED tuarascáil deireadh ar chlár CED faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ar an 16 Samhain 2016. Gheofar é ag an nasc thíos:
Gheofar thíos anailís ar stádas mhargadh saothair an oibrí iomarcaigh agus na dtairbhithe óga NEET bliain amháin tar éis dheireadh chur i bhfeidhm chlár CED, i mBealtaine 2017, lena n-áirítear miondealú de réir inscne agus catagóir gairme an oibrí:
Necessary cookies are absolutely essential for the website to function properly. This category only includes cookies that ensures basic functionalities and security features of the website. These cookies do not store any personal information.
Any cookies that may not be particularly necessary for the website to function and is used specifically to collect user personal data via analytics, ads, other embedded contents are termed as non-necessary cookies. It is mandatory to procure user consent prior to running these cookies on your website.