Rinne ár bhFoireann Rialaithe Céadleibhéil Ceardlann Oiliúna Limistéar an Atlantaigh a óstáil i dTulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí, Dé Céadaoin an 24 Iúil 2019. Ba é an spriocphobal don cheardlann ná comhpháirtithe ar ceadaíodh iad lena gcistiú sa chéad ghlao agus sa dara glao faoi Chlár Limistéar an Atlantaigh. Bhí sé mar aidhm leis an gceardlann na Rialacha Incháilitheachta a shoiléiriú agus an próiseas ullmhúcháin agus cur isteach éileamh a shimpliú. Bhí freastal maith ann ar an ócáid as measc comhpháirtithe ó gach cuid d’Éirinn. Bhí eagraíochtaí earnála poiblí agus eagraíochtaí earnála príobháidí araon i measc na gcomhpháirtithe a ndearnadh ionadaíocht dóibh (údaráis áitiúla, ollscoileanna, ionaid ghnó agus nuálaíochta, Institiúidí Teicneolaíochta agus ranna rialtais) agus tharla sé gur sheisiún an-idirghníomhach a bhí ann.
Íoslódáil na Doiciméid ón gCeardlann
Oiliúint do Rialaitheoirí Céadleibhéil na Ríochta Aontaithe ar ardán Chlár “Limistéar an Atlantaigh” (SIGI)
Rialacha Incháilitheachta Limistéar an Atlantaigh
Ullmhúchán Éileamh agus Doiciméid Tacaíochta
Sannadh agus dáileadh próifílí
Liosta Idirbheart Samplach – Limistéar an Atlantaigh