Cad é an Cúlchiste Coigeartaithe Brexit?

  • Bíonn tionchar diúltach ag Brexit ar na Ballstáit go léir, ach ar bhealaí éagsúla. Bíonn níos mó difear do roinnt Ballstát, réigiúin, earnálacha nó pobail áitiúla ná a chéile. Tá Cúlchiste Coigeartaithe Brexit (BAR) de €5.4 billiún curtha i bhfeidhm chun tacú leis na Ballstáit go léir agus ag an am céanna a chinntiú go ndírítear go láidir orthu siúd is mó atá buailte. Déanfar an ranníocaíocht airgeadais ón gcúlchiste le Ballstát a chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhpháirteach. Ní theastaíonn ardchlárú ná pleanáil beart chun cinn agus soláthraíonn sé solúbthacht maidir lena gcur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta. 

    Tacóidh an CCB le bearta a cuireadh ar bun go sonrach maidir le RA a tharraingt siar ón Aontas. Féadfaidh siad na nithe seo a leanas a áireamh:

    • tacaíocht d’earnálacha eacnamaíocha, gnó agus pobail áitiúla, agus eagraíochtaí, lena n-áirítear iascach cósta ar mhionscála, atá ag brath ar ghníomhaíochtaí iascaireachta in uiscí na RA;
    • tacaíocht do chruthú agus cosaint post, lena n-áirítear trí scéimeanna oibre gearr-ama, ath-oiliúint agus oiliúint;
    • bearta atá dírithe ar shaoránaigh an Aontais a athlánpháirtiú mar aon le daoine a bhfuil an ceart acu chun cónaí ar chríoch an Aontais a d’fhág an Ríocht Aontaithe, mar thoradh ar an Ríocht Aontaithe a tharraingt siar ón Aontas
    • feidhmiú na rialuithe teorann, custaim, sláintíochta agus fíteashláintíochta agus slándála, rialú iascaigh, deimhniúchán, agus córais údaraithe a áirithiú
    • bearta le haghaidh cumarsáide, faisnéise, agus múscailt feasachta do shaoránaigh agus gnólachtaí maidir le hathruithe ar a gcearta agus a n-oibleagáidí a eascraíonn as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas.

    Cad a chiallaíonn sé d’Éirinn?

    Is í Éire an tairbhí is mó den Chúlchiste Coigeartaithe Brexit le leithdháileadh iomlán de €920.4 milliún. Cabhróidh an cistiú seo le geilleagar na hÉireann chun tionchar Brexit a mhaolú, trí thacaíocht a thabhairt do réigiúin agus d’earnálacha eacnamaíocha, lena n-áirítear cruthú post agus cosaint, amhail scéimeanna oibre gearrthéarmacha, athoiliúint agus oiliúint.

     

What does it mean for Ireland?

Ireland is the biggest beneficiary of the Brexit Adjustment Reserve with a total allocation of €920.4 million. This funding will help Ireland’s economy in mitigating the impact of Brexit, through support to regions and economic sectors, including job creation and protection, such as short-time work schemes, re-skilling, and training.