(Ciste Sóisialta na hEorpa agus an Clár Eorpach um Fhostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta)
Leis an nGlao seo maoineofar forbairt agus bunú lárionaid inniúlachta náisiúnta, a gcuid gníomhaíochtaí chun nuálaíocht shóisialta a chur chun cinn sa tír (go háirithe trí chúnamh a thabhairt do pháirtithe leasmhara gníomhaíochtaí nuálacha rathúla a phleanáil, a chur i bhfeidhm agus a mhéadú), agus foghlaim fhrithpháirteach, chomh maith le hionaid ag a bhfuil taithí mhór a bheith ag déanamh meantóireachta ar ionaid nach bhfuil teacht chun cinn chomh maith leo déanta acu fós, é seo i dteannta le líonrú idir na hionaid inniúlachta éagsúla agus príomhpháirtithe leasmhara eile.
Ní mór na hiarratais a bheith á ndéanamh ag cuibhreannais ina bhfuil iarratasóirí ó dhá Bhallstát ar a laghad. Ceanglaíonn an Glao ar Údarás Bainistíochta CSE i ngach Ballstát páirt a ghlacadh sna cuibhreannais, é sin, nó an/na (h)eagraíocht(aí) náisiúnta is oiriúnaí agus is inniúil/inniúla a mholadh tar éis próisis phrais thrédhearcaigh. Ní gá don ionad inniúlachta a bheith ina eagraíocht aonair ach is féidir le líonra eagraíochtaí éagsúla é a bhunú.
Má roghnaíonn an Coimisiún é, cuirfear de chúram ar an eagraíocht/líonra gníomhú mar ionad inniúlachta náisiúnta don nuálaíocht shóisialta, go háirithe chun tacú le tionscadail nuálacha agus údaráis phoiblí faoi CSE+, trí fhaisnéis, eolas agus saineolas a thairiscint trí chomhairle, treoir agus oiliúint a chur ar fáil, agus trí líonrú agus foghlaim fhrithpháirteach a eagrú ag an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal Eorpach.
Ní mór don eagraíocht/na heagraíochtaí (eintitis dhlíthiúla atá bunaithe agus cláraithe i gceart) an cumas airgeadais agus oibríochtúil a bheith acu chun na gníomhaíochtaí atá beartaithe ag an gClár a chomhlánú. Ní mór d’iarratasóirí ceannais a bheith in ann a léiriú go bhfuil inniúlacht, cumas agus gaiscí acu maidir le tacú le nuálaíocht shóisialta le 4 bliana anuas. Ní mór go n-áireofaí leis sin go háirithe, taithí ar uirlisí agus modhanna tiomnaithe a chur i bhfeidhm maidir le tionscnaimh nuálaíochta shóisialta nó fiontair shóisialta nuálacha a spreagadh, a eagrú, a chumhachtú, a éascú, a líonrú, a mheasúnú, a aistriú agus a mhéadú. Ní mór do chomhiarratasóirí taithí a bheith acu ar chur chun cinn na nuálaíochta sóisialta nó i réimse ghaolmhar amhail forbairt na sochaí sibhialta, fiontraíocht shóisialta, forbairt shóisialta agus eacnamaíoch áitiúil faoi stiúir an phobail nó airgeadas sóisialta. Ní mór gur féidir leo taispeáint go bhfuil taithí acu maidir le nuálaíocht shóisialta, eacnamaíocht shóisialta nó fiontair shóisialta/fiontraíocht shóisialta a chur chun cinn, nó forbairt na sochaí sibhialta i réimsí gaolmhara le 3 bliana anuas. Lena chois sin,
Tá Údarás Bainistíochta CSE i dteagmháil leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail maidir leis an eagraíocht/líonra is oiriúnaí agus is inniúla a mholadh. Táthar ag súil le cur chuige comhoibríoch chun forbairt comhstraitéise agus plean gníomhaíochta a éascú chun tacú le nuálaíocht shóisialta in Éirinn. Tá tús curtha leis an bplé le príomheagraíochtaí agus ba chóir d’eagraíochtaí ar bith ar mian leo páirt a ghlacadh ar bhonn comhoibríoch teagmháil a dhéanamh le peil@education.gov.ie faoi Dé Céadaoin 26 Lúnasa. Ba chóir dóibh incháilitheacht, cumas airgeadais agus cumas oibríochta a n-eagraíochta a leagan amach i gcomhréir leis na riachtanais sa Ghlao chomh maith lena n-inniúlacht ar leith sna cineálacha gníomhaíochtaí is féidir a mhaoiniú. Tá sé i gceist próiseas éascaithe a reáchtáil go luath i mí Mheán Fómhair chun teacht ar chomhaontú maidir leis an líonra eagraíochtaí a bheidh mar lárionad inniúlachta agus chun iarratasóir ceannais na hÉireann chun críche an Ghlao a aithint.
Tá tuilleadh eolais faoin nGlao ar Thograí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
Necessary cookies are absolutely essential for the website to function properly. This category only includes cookies that ensures basic functionalities and security features of the website. These cookies do not store any personal information.
Any cookies that may not be particularly necessary for the website to function and is used specifically to collect user personal data via analytics, ads, other embedded contents are termed as non-necessary cookies. It is mandatory to procure user consent prior to running these cookies on your website.