Féachann an obair le croílár limistéar siopadóireachta lárnach Bhaile Átha Luain a athbheochan trí lár baile tarraingteach beoga a chruthú a chuirfidh le fás marthanach agus todhchaí an bhaile.
Comhcheanglaíonn ábhair nádúrtha dúchasacha eibhir agus aolchloch ghorm na hÉireann go haistéiseach le foirgnimh oidhreachta Bhaile Átha Luain.
Soláthraíonn Sráid na hEaglaise nasc tábhachtach idir limistéar stairiúil na Sionainne i mBaile Átha Luain agus an Chearnóg Shibhialta chomhaimseartha agus Ionaid Siopadóireachta Bhaile Bhaile Átha Luain agus tugann an sráid-dreach feabhsaithe cuairteoirí trí lár Bhaile Átha Luain agus trasna Dhroichead stairiúil an Bhaile a bhfuil Caisleán Bhaile Átha Luain ar an taobh thiar agus Gailearaí Luan.
Tá Sráid na hEaglaise ainmnithe mar Limistéar Caomhnaithe Ailtireachta agus tá raon foirgneamh oidhreachta agus siopaí neamhspleácha ann agus trí na cosáin a leathnú agus ligean do choisithe bogadh go saor síos an tsráid, tá an pobal in ann an t-am a thógáil chun taitneamh a bhaint as an limistéar caomhnaithe seo.
Is spás fáilteach, tarraingteach agus taitneamhach anois é Sráid na hEaglaise nua-fheabhsaithe do shiopadóirí, do thurasóirí, do choisithe agus don phobal áitiúil níos leithne, rud a ligeann don cheantar bláthú mar cheantar rathúil siopadóireachta, gnó agus sóisialta.
Osclaíodh an tionscadal go hoifigiúil an 12 Aibreán 2019.