AN EARNÁIL FOIRGNÍOCHTA

Ar an 9 Meitheamh 2010, chuir Údarás Bainistíochta CED iarratas isteach chuig an CED maidir le hoibrithe áirithe a cuireadh faoi iomarcaíocht san earnáil foirgníochta. Roinneadh an t-iarratas tosaigh ina dhiaidh sin i dtrí iarratas a chuimsigh oibrithe i dtrí fho-earnáil shonracha den tionscal tógála. Cuireadh na trí iarratas seo faoi bhráid an CED ar an 22 Feabhra 2011.

I dteannta a chéile, d’iarr na trí iarratas tacaíocht do bheagnach 9,000 oibrí agus printíseach foirgníochta a cuireadh faoi iomarcaíocht idir 1 Iúil 2009 agus 31 Márta 2010 sna hearnálacha seo a leanas:

Aithníodh na hoibrithe foirgníochta iomarcach incháilithe bunaithe ar fhianaise ar íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla le sonraí ón mbunachar printíseachta atá i seilbh FÁS ag soláthar an bhoinn chun printísigh iomarcacha incháilithe a aithint.

Cheadaigh an AE na trí iarratas ar an 14 Samhain 2011. Mhair na trí chlár go dtí an 9 Meitheamh 2012. I measc na seirbhísí agus na gclár a cuireadh ar fáil d’oibrithe incháilithe bhí:

  • tacaíochtaí gairmthreoracha;
  • cúrsaí oiliúna a sholáthair FÁS, lena n-áirítear oiliúint printíseachta ar an láthair agus lasmuigh den obair chun ligean do phrintísigh iomarcacha a bprintíseachtaí a chur ar aghaidh;
  • deontais Oiliúna CED nuair nárbh fhéidir le hinstitiúid phoiblí cúrsa oiliúna nó oideachais áirithe a sholáthar ach go bhféadfadh an earnáil phríobháideach iad a sholáthar;
  • tacaíochtaí breisoideachais arna gcur ar fáil ag Coistí Gairmoideachais agus,
  • comhairle agus treoir fiontraíochta agus féinfhostaíochta arna chur ar fáil ag Boird Fiontair Contae agus Cathrach.

Chuir Aonad Teagmhála Tógála CED tiomnaithe faisnéis agus comhairle ar fáil d’oibrithe tógála a bhí incháilithe do CED maidir lena dteidlíocht ar thacaíochtaí arna maoiniú ag an CED.

Cuireadh tuarascálacha deiridh do na 3 chlár san earnáil foirgníochta faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i Meitheamh 2012 agus is féidir teacht orthu thíos:

Tá tuarascálacha achoimre agus táblaí torthaí sa mhargadh saothair i gcás gach ceann de na 3 chlár earnála foirgníochta leagtha amach thíos: