PAINÉAL CORÓINVÍREAS

Is dúshlán mór don Aontas Eorpach ar fad é paindéim COVID-19. Tá pobail náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun tosaigh maidir le dul i ngleic leis an ngalar agus lena thionchar socheacnamaíoch. Tá dlúthpháirtíocht agus freagracht ar fud ár sochaithe agus idir na Ballstáit ríthábhachtach chun an dúshlán seo a shárú.

Thug an Coimisiún isteach an Tionscnamh Infheistíochta um Fhreagairt Coróinvíreas (CRII) agus an Tionscnamh Infheistíochta Freagartha Coróinvíreas Plus (CRII+) chun cistí comhtháthaithe an AE a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim. Ní thairgeann an pacáiste CRII acmhainní airgeadais nua don AE, ach soláthraíonn sé solúbthacht chun acmhainní atá ann cheana féin nach bhfuil caite a úsáid agus iad a atreorú chuig na háiteanna is mó a bhfuil gá leo.

Is iad seo a leanas príomhfhócas na n-infheistíochtaí:

  • earnáil na sláinte – trealamh cosanta pearsanta a fháil, tástáil a mhaoiniú agus tacú le hospidéil trí threalamh leighis breise a cheannach;
  • earnáil an ghnó – trí chaipiteal oibre a sholáthar do FBManna, digitiú a éascú agus ionstraimí airgeadais a bhunú nó a athdhearadh;
  • tacú le daoine – trí scéimeanna coinneála fostaíochta a chur i bhfeidhm agus trí thacú le grúpaí leochaileacha.

Tar éis na bearta eisceachtúla seo a thabhairt isteach, chinn Éire €60m dá leithdháileadh CSE a aistriú chuig CFRE chun tacú leis an gcostas a bhaineann le Trealamh Cosanta Pearsanta riachtanach a sholáthar lena úsáid sa chomhrac in aghaidh COVID 19. Léigh faoin Scéim Sláinte & Tacaíochta do TCP i FSS.

Bhain Éire leas freisin as an ráta cómhaoinithe roghnach 100% atá le cur i bhfeidhm ar chaiteachas CSE agus CFRE a dearbhaíodh le linn na bliana airgeadais 2020/2021.

 

 

 

Le haghaidh tuilleadh faisnéise féach ar Phainéal Coróinvíreas an Choimisiúin.