Tionscnamh Infheistíochta um an bhFreagairt ar an gCoróinvíreas

Thug an Coimisiún Eorpach an Tionscnamh Infheistíochta um an bhFreagairt ar an gCoróinvíreas (TIFC) isteach an 13 Márta 2020 chun €37 billiún a threorú faoi na Cistí Eorpacha um Infheistíocht Struchtúrach (CEIS) chun géarchéim Coronavirus a throid. Vótáil Parlaimint na hEorpa beagnach d’aonghuth i bhfabhar mholtaí an Choimisiúin an 26 Márta agus ghlac an Chomhairle an pacáiste an 30 Márta 2020. Tháinig Rialachán 2020/460 an AE i bhfeidhm an 1 Aibreán 2020.

Tá sé mar aidhm ag TIFC tacú le Ballstáit a bhfreagairt ar ghéarchéim an choróinvíris a mhaoiniú. Comhcheanglaíonn sé úsáid na tacaíochta airgeadais láithreach ón CEIS chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais is práinní, agus an tsolúbthacht is mó agus is féidir in úsáid na gcistí. Is é an cuspóir uileghabhálach an phunann iomlán de roghanna maoinithe a úsáid faoi bhuiséad an AE chun tacú le Ballstáit – leis an tsolúbthacht is mó, an obair riaracháin bhreise is lú, agus chomh tapa agus is féidir. 

 

Is é a chiallaíonn sé seo don CSE:

  • Ní iarrfaidh an Coimisiún aisíocaíocht de réamh-mhaoiniú €7.9bn 2019 ó na Ballstáit. Úsáidfear na suimeanna nach n-íoctar ar ais chun dlús a chur le hinfheistíochtaí a bhaineann leis an ráig COVID-19. I gcás an CSE in Éirinn, níl suim ar bith i gceist.
  • Íocfar €29 billiún eile amach go luath ó leithdháiltí a bheadh dlite níos déanaí i mbliana.
  • Ionstraimí Airgeadais a cheadú tacaíocht i bhfoirm chaipitil oibre a sholáthar do FBManna, más gá, mar bheartas sealadach chun freagra éifeachtach a thabhairt ar an bpaindéim.
  • A chinntiú go mbeidh caiteachas ar oibriúcháin mar fhreagairt ar COVID 19 incháilithe le héifeacht ón 1 Feabhra 2020.
  • Nósanna imeachta a shimpliú don Choimisiún chun leasuithe ábhartha ar an gClár Oibriúcháin a cheadú.
  • Ballstáit a cheadú, le linn na tréimhse cláraithe 2014-20, suas le 8% dá leithdháileadh Tosaíochta agus gan níos mó ná 4% de bhuiséad foriomlán an CO a aistriú chuig Tosaíocht eile de chuid an CO gan cead ón gCoimisiún.

Bileog fíricí an Tionscnaimh Infheistíochta Freagartha Coronavirus.

Tá tuilleadh eolais ar an TIFC ar fáil ag: https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/qanda_20_458