Freagra CED

Is éard atá sa CED ciste de chuid an AE chun cuidiú le Ballstáit tacú le hoibrithe atá ar iomarcaíocht, agus féinfhostaithe a bhfuil deireadh lena ngníomhaíocht, mar thoradh ar athruithe i dtrádáil an domhain mar gheall ar dhomhandú nó géarchéim airgeadais agus eacnamaíoch dhomhanda.

Thiocfadh leis an gCoimisiún Eorpach iarratais ó bhallstáit ar thacaíocht CED d’oibrithe atá ar iomarcaíocht mar gheall ar thionchar eacnamaíoch COVID-19 a mheas i gcás nach n-éiríonn leis an tsraith beart a thug an Rialtas isteach chun tacú le gnólachtaí poist a choinneáil i gcásanna faoi leith. Is féidir an t-eolas is déanaí faoin dóigh a bhfuil Éire ag freagairt do COVID-19 a fháil anseo.

Mar fhreagairt ar thionchar eacnamaíoch COVID-19, molann an Coimisiún an CED a threisiú tríd an maoiniú bliantúil atá ar fáil a mhéadú go €386 milliún ó 2021 ar aghaidh. Tá tuilleadh sonraí ar fáil anseo.