REACT-EU

Is éard is ciall le REACT-EU ná Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa agus is tionscnamh é a leanann agus a leathnaíonn na beartais fhreagartha maidir leis an ngéarchéim agus le deisiúcháin na géarchéime a sholáthraítear tríd An Tionscnamh Infheistíochta um an bhFreagairt ar an gCoróinvíreas agus An Tionscnamh Infheistíochta um an bhFreagairt ar an gCoróinvíreas Plus. Soláthraíonn REACT-EU infheistíocht bhreise € 50.6bn faoin sprioc infheistíochta le haghaidh fáis agus post. Leithdháileadh € 39.6bn in 2021 agus € 11bn in 2022.

Féadfaidh na Ballstáit buiséad REACT-AE a úsáid don CSE, do Chiste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa (lena n-áirítear comhoibriú trasteorann faoi ETC), an Ciste um Chúnamh Eorpach do na daoine is Díothaí (FEAD), agus an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg.

Is é leithdháileadh na hÉireann do 2021 ná € 88.3m agus cláraíodh é trí Chlár CSE um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim 2014-2020.

Ba chéim riachtanach é leanúint den oideachas agus den oiliúint chun téarnamh athléimneach ó COVID-19 a chinntiú. Baineadh úsáid as an maoiniú breise chun tacú le leanúint d’oideachas agus oiliúint shábháilte chuimsitheach i gcomhthéacs COVID-19 agus dhírigh sé ar bhearta a tugadh isteach chun tacú le hathoscailt scoileanna agus soláthar ríomhairí glúine do mhic léinn faoi mhíbhuntáiste sa bhreisoideachas agus san ardoideachas.

REACT AE – Éire – Gaeilge – YouTube

 

Is féidir tuilleadh eolais ar REACT-EU a fháil ag https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/en/QANDA_20_948.