Cad é an Áis Aisghabhála agus Athléimneachta?

Is í an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) an phríomhionstraim atá i gcroílár NextGenerationEU chun cabhrú leis an AE teacht chun cinn níos láidre agus níos athléimní ón ngéarchéim reatha.

Cuirfidh an RRF €672.5 billiún ar fáil in iasachtaí agus i ndeontais chun tacú le hathchóirithe agus infheistíochtaí arna ndéanamh ag Ballstáit. Is é an aidhm atá ann tionchar eacnamaíoch agus sóisialta na paindéime coróinvíreas a mhaolú agus geilleagair agus sochaithe na hEorpa a dhéanamh níos inbhuanaithe, níos athléimní agus níos ullmhaithe do dhúshláin agus deiseanna na n-aistrithe glasa agus digiteacha.

Ceanglaíodh ar na Ballstáit Pleananna Téarnaimh agus Athléimneachta a ullmhú a leag amach pacáiste comhleanúnach athchóirithe agus tionscadal infheistíochta poiblí.

D’fhorbair an Rialtas Plean na hÉireann, ag cur san áireamh na riachtanais don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta go mbeadh íosmhéid de 37% den chaiteachas ar an aeráid agus 20% ar infheistíochtaí digiteacha agus athchóirithe; an gá atá le dul i ngleic le dúshláin infheistíochta agus athchóirithe a aithníodh i Moltaí ábhartha a bhaineann go sonrach le Tíortha a rinne an AE le blianta beaga anuas; agus a thábhachtaí atá sé ailíniú le pleananna náisiúnta eacnamaíocha agus infheistíochta, go háirithe an Plean Téarnaimh Eacnamaíoch.

Is é cuspóir foriomlán Phlean Téarnaimh agus Athléimneachta Náisiúnta na hÉireann ná cur le hiarracht téarnaimh inbhuanaithe, chothrom, ghlas agus dhigiteach, ar bhealach a chomhlánaíonn agus a thacaíonn le hiarrachtaí téarnaimh níos leithne an Rialtais.

Déanfaidh Plean na hÉireann é seo trí thacar de 16 infheistíocht agus 9 ngealltanas athchóirithe, ar luach iomlán beagán faoi bhun €1 billiún, le tacaíocht ó dheontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus ó chistí náisiúnta araon.

Íoslódáil Plean Náisiúnta Téarnaimh agus Athléimneachta na hÉireann 2021