DELL Éireann

Ar an 8 Eanáir 2009, d’fhógair an chuideachta déantúsaíochta ríomhairí DELL iomarcaíochtaí móra ag a monarcha sa Ráithín i Luimneach. Ullmhaíodh iarratas ar thacaíochtaí cómhaoinithe CED agus cuireadh isteach é ar an 19 Meitheamh 2009. Ba é an chéad iarratas a rinne Éire ar an CED. Rinneadh an t-iarratas maidir le 2,840 oibrí a ligeadh chun siúil as áis DELL agus in ocht gcuideachta choimhdeacha a raibh caidreamh conartha díreach acu le DELL. Ba iad na gcuideachta sin Banta Global Turnkey, IEC/Flextronics, Sercom, Sodexo, Cube, RPS Engineering, Rehab Logistics, agus Novo Strat.

Ba é €22.8 milliún luach iomlán an iarratais, a cheadaigh an AE ina dhiaidh sin ar an 22 Nollaig 2009. Áiríodh san fhigiúr seo €14.8 milliún de thacaíocht CED agus €8.0 milliún eile a maoiníodh as foinsí náisiúnta. Dúnadh an tréimhse incháilithe chun seirbhísí a sholáthar faoin gclár CED ceadaithe ar an 28 Meitheamh 2011.

Bunaíodh Coiste Stiúrtha comhairleach CED in Aibreán 2010 faoi cheannas Stiúrthóir Cúnta in FÁS agus bhí ionadaithe ó sholáthraithe seirbhíse a chlúdaigh  ardoideachas, breisoideachas, fiontar, chomh maith le hionadaithe iar-oibrithe DELL ar an gcoiste sin. Bunaíodh Aonad Comhordaithe CED tiomnaithe i Luimneach i mí Feabhra 2010.

Meastar go ndearnadh beagnach 5,500 idirghabháil le linn thréimhse chur chun feidhme an CED. Mar shampla:

• chuir FÁS treoir ghairmiúil agus tacaíochtaí oiliúna ar fáil lena n-áirítear cúrsaí a sholáthraíonn coláistí agus oiliúnóirí príobháideacha trí scéim Deontas Oiliúna CED. Chuir sé oiliúint ionchuideachta ar fáil freisin i bhfoirm intéirneachtaí;

• chuir na Coistí Gairmoideachais, na hollscoileanna agus na hinstitiúidí teicneolaíochta a fhaigheann maoiniú poiblí faoi seach tacaíochtaí breisoideachais agus ardoideachais ar fáil; chuir Boird Fiontair Contae agus Cathrach seirbhísí fiontraíochta agus féinfhostaíochta ar fáil, lena n-áirítear comhairle ghnó, meantóireacht, agus cúnamh airgeadais agus neamhairgeadais.

Cuireadh figiúirí deiridh ar an gclárchaiteachas iomlán san áireamh i dtuarascáil deiridh CED a cuireadh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ar an 23 Nollaig 2011. Tá tuarascáil deiridh CED agus tábla ina dtaispeántar na torthaí don mhargadh saothair ar chlár CED leagtha amach thíos:

Dell EGF Final Report
EGF Dell Assisted Population Categorisation – Labour Market Outcomes