Roghnaigh Euronews, “an cainéal nuachta is mó tóir san Eoraip” agus a chraolann do 400 milliún teach ar fud 160 tír, go gcuirfeadh sé tionscadal DEVISE chun cinn trí chlár na ‘Réigiún Cliste’ dá chuid.
Tugann sraith na Réigiún Cliste cuairt ar “[chathracha] agus bailte ina bhfuil tionscadail de chuid an Bheartais Chomhtháthaithe ag laghdú na n-éagothromaíochtaí réigiúnacha agus ag soláthar fíorthairbhí inláimhsithe do phobail ar fud an Aontais Eorpaigh”. Ag lua na deise sin dó, dúirt Jose Manuel San Emeterio, Bainisteoir Tionscadail in ERNACT agus Ceannaire Tionscadail DEVISE, “[go bhfuil] ríméad orainn bheith roghnaithe ag Euronews chun a mhíniú cad atá á dhéanamh againn i dtionscadal DEVISE, go háirithe i réigiún an Iarthuaiscirt in Éirinn. Tá sé an-tábhachtach go mbíonn deis ag réigiúin fhorimeallacha, amhail na réigiúin atá ag glacadh páirt in DEVISE, a léiriú cé na dúshláin a mbímid ag dul i ngleic leo agus conas atáimid ag glacadh leis an gclaochlú digiteach le haghaidh áiteanna níos forbartha agus níos inbhuanaithe inar féidir le cuideachtaí fás agus ina dtugtar na deiseanna céanna atá ar fáil sna príomhlimistéir uirbeacha.”
Thug Euronews cuairt ar Iarthuaisceart na hÉireann i mí na Nollag 2019 chun tionscadal DEVISE a scannánú i nDún na nGall agus i Sligeach. Bhí deis ag ERNACT, ar comhpháirtí de chuid thionscadal DEVISE i nDún na nGall é, ag Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair agus ag geallsealbhóirí i Sligeach an saineolas áitiúil atá á dhéanamh tríd an tionscadal atá á chistiú ag Interreg Europe a chomhroinnt. Tá sé mar aidhm ag tionscadal DEVISE an líon fiontar beag agus meánmhéide teicneolaíochta digití a mhéadú faoi 15%, rud lena gcumasaítear iomaíochas in earnálacha cliste agus straitéiseacha trí ionstraimí beartais feabhsaithe.
San fhíseán ó Euronews, léirítear dhá fhiontar bheaga agus meánmhéide áitiúla atá ag glacadh páirt i dtionscadal DEVISE. Ba é ShowHouse VR, gnólacht nuathionscanta réaltachta fíorúla le Dara Burke atá lonnaithe in CoLab, ar gorlann ghnó in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn i nDún na nGall í. Forbraíonn Dara réitigh réaltachta fíorúla lena réitítear fadhbanna teagmhálacha sula dtógtar inneall.
Ba é Ward Automation, atá lonnaithe i Sligeach, an dara fiontar beag agus meánmhéide a léiríodh sa chlár. Déanann an chuideachta sin speisialtóireacht i réitigh róbatacha don earnáil leighis. Thug an fhoireann ó Euronews cuairt ar an Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, freisin, áit a ndearna an-chuid de na baill foirne in Ward Automation staidéar ar Mheicitreonaic agus ar fhoghlaim siad conas réitigh róbatacha a ríomhchlárú agus a chruthú.
Ag labhairt dó faoin gclár ar Euronews, dúirt Patrick Devine, Oifigeach um Thionscadail AE i dTionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair: “B’eispéireas iontach é tionscadal DEVISE agus an réigiún a chur chun cinn ar Euronews. Trí chuideachtaí i nDún na nGall agus i Sligeach, mar aon leis an eolas a aistríodh ón Institiúid Teicneolaíochta, Sligeach, agus ó Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn chuig an lucht tionscail a thaispeáint, cabhraítear leis an Iarthuaisceart a chur chun cinn mar Réigiún Cliste. Aithnítear gur nithe ríthábhachtacha don gheilleagar iad Claochlú Digiteach na bhfiontar beag agus meánmhéide agus an gá le tacaíocht a thabhairt d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide sa phróiseas sin chun go mbíonn siad iomaíoch i margadh domhanda, agus tá sé sin ar cheann de na cúiseanna a measaim go raibh spéis ag Euronews i dtuairisc a thabhairt ar thionscadal DEVISE agus ar an ábhar seo”, a mhínigh Patrick Devine, Oifigeach um Thionscadail AE i dTionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair.
You can read the full story and watch the video here on the Euronews website. https://www.euronews.com/2020/02/03/devise-project-ireland-puts-the-spotlight-on-digital-smes