Mar chuid de thionscadal DEVISE, d’fhreastail geallsealbhóirí ó Éirinn (Fiontraíocht Éireann, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus Comhairle Contae Dhún na nGall) ar chuairt mhalartúcháin eolais dhá lá i bhFlóndras Thiar chun foghlaim faoi thacaí earnála poiblí agus faoi Ollscoileanna a chabhraíonn le fás cuideachtaí TFC agus le claochlú digiteach i measc fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna).
Ba é Voka – Comhlachas Tráchtála Fhlóndras Thiar sa Bheilg, ar comhpháirtí de chuid an tionscadail é, a d’eagraigh an malartú foirne, a bhí ar siúl an 5 agus an 6 Samhain 2019. Fuair comhpháirtithe agus geallsealbhóirí ón Spáinn, ón bhFrainc, ó Éirinn, ó Thuaisceart Éireann agus ón bhFionlainn an deis chun cuairt a thabhairt ar Ollscoil Eolaíochtaí Feidhmeacha Howest. In Ionad Deartha Thionsclaíoch Ollscoil Howest, tá saintrealamh agus spásanna oibre tiomnaithe a bhfuil mar aidhm leo cabhrú le mic léinn fíortháirgí inmharthana agus fréamhshamhlacha a dhéanamh dá gcuid smaointe. Chomh maith leis sin, ceadaíonn an Ollscoil do ghnólachtaí leas a bhaint as a cuid saoráidí chun táirgí a dhearadh agus a fhorbairt ach táille mhíosúil a íoc. D’fhoghlaim na comhpháirtithe faoi ‘MyMachine Methodology’ freisin. Is próiseas é sin atá bunaithe ar chomhchruthú agus ar chomhoibriú idir leanaí agus mic léinn de gach leibhéal oideachais, áit a n-oibríonn siad le chéile ar bhonn cothrom ar mhaithe le “dream machines” a bhaint amach le linn aon bhliana acadúla amháin.
Mar chuid den dara cuairt, chuaigh comhpháirtithe agus geallsealbhóirí thionscadal DEVISE go háitreabh Barco, lenar áiríodh spás comhoibrithe na cuideachta. Tá Barco ina chuideachta teicneolaíochta Bheilgeach a dhéanann sainchúram de theicneolaíocht teilgin agus íomháithe dhigitigh. Tá breis agus 3,600 fostaí aige ar fud an domhain, agus a cheanncheathrú lonnaithe in Kortrijk (an Bheilg). Tá sé mar aidhm ag Barco “leas a bhaint as an teicneolaíocht chun cáilíocht na beatha a bhunathrú chun feabhais: idir thorthaí sláinte a fheabhsú, athrú a dhéanamh ar an dóigh a n-oibríonn daoine, agus eispéiris an-spéisiúil a chruthú”.
Le linn an dara lá den mhalartú foirne, thug na rannpháirtithe cuairt ar Hangar-K, ar spás é inar féidir le cuideachtaí oibriú lena chéile agus táirgí dearadhbhunaithe a chomhchruthú. Tá Hangar-K ina “mhol comhchruthaithe ina dtugtar cuideachtaí nuathionscanta, cuideachtaí atá i mbun fáis agus cuideachtaí seanbhunaithe le chéile faoin aon díon amháin chun misean soiléir a chomhlíonadh, is é sin: an fhiontraíocht a neartú”. Stáisiún traenach as úsáid is ea Hangar-K, rud a athchóiríodh ina spás comhoibrithe nua-aimseartha agus ina ghorlann do chuideachtaí nuathionscanta, a bhuí le cistiú ó Barco, ó Chathair Kortrijk agus ó Ollscoil Howest.
Ar deireadh, fuair na rannpháirtithe léargas ar chlár IMEC.ICON, rud atá faoi stiúir ag Flóndras Thiar agus a bhfuil mar aidhm leis taighde agus nuálaíocht a aistriú chuig an tionscal. Sa chlár taighde seo, soláthraítear rochtain ar an eolas atá ag 4000 taighdeoir sna fearainn seo a leanas: cathracha cliste; soghluaisteacht chliste; tionscail chliste; faisnéis shiamsúil chliste; sláinte chliste; fuinneamh cliste; agus oideachas cliste. Tairgtear taighde comhoibríoch idirdhisciplíneach atá curtha in oiriúint do riachtanais an tionscail, mar aon le bealach le haghaidh luachshocrú a dhéanamh i leith seirbhísí agus táirgí inmharthana. Bainfidh na geallsealbhóirí agus na comhpháirtithe i dtionscadal DEVISE leas as an eolas a gnóthaíodh ón malartú foirne seo chun gníomhartha a fhorbairt don Phlean Gníomhaíochta deiridh, rud lena gcuirfear feabhas ar bheartais sa réigiún.
Tá Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair agus ERNACT i nDún na nGall ina gcomhpháirtithe de chuid thionscadal DEVISE, atá ar siúl ón mbliain 2018 go dtí an bhliain 2022. Foghlaim tuilleadh faoi thionscadal DEVISE ag www.interregeurope.eu/devise.