Údarás Deimhniúcháin CED

Is comhlacht ar leithligh é an tÚdarás Deimhniúcháin laistigh den Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Tá sé freagrach as incháilitheacht agus cruinneas na maíomh deiridh a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le cláir CED a dheimhniú. Agus an fheidhm seo á cur i gcrích tá roinnt leibhéal seiceála ann.

I measc fhreagrachtaí an Údaráis Deimhniúcháin tá ráiteas a dhréachtú agus a chur isteach ina gcosnaítear an caiteachas a bhaineann le gach clár CED le cur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh de réir Rialacháin CED. Caithfidh an tÚdarás Deimhniúcháin a chinntiú:

  • go bhfuil an caiteachas cruinn, go n-eascraíonn sé ó chórais chuntasaíochta iontaofa, agus go bhfuil sé bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta infhíoraithe;
  • go gcomhlíonann an caiteachas rialacha infheidhmithe an Chomhphobail Eorpaigh agus náisiúnta agus gur tabhaíodh é i leith oibríochtaí a maoiníodh de réir na gcritéar is infheidhme maidir le clár CED;
  • chun críche deimhnithe, go bhfuair sé faisnéis leordhóthanach ó Údarás Bainistíochta an CED faoi na nósanna imeachta agus na fíoruithe a dhéantar i ndáil le caiteachas a áirítear i ráitis chaiteachais;
  • go gcuirtear torthaí na seiceálacha rialaithe uile a dhéantar ar an gcaiteachas san áireamh chun críocha deimhniúcháin; agus,
  • go gcoimeádann sé taifid chuntasaíochta ar chaiteachas a dearbhaíodh don Choimisiún Eorpach.