Did you know that some 100,000 students and teachers from Ireland have participated in Erasmus+ since 1987?
Is é Erasmus+ clár an Aontais Eorpaigh a thacaíonn le hoideachas, oiliúint, an óige agus spórt san Eoraip. Cuireadh tús leis an gclár in 2014 agus leanfaidh sé go dtí deireadh 2020. Tá go leor deiseanna ann chun tionscadail a chur ar bun, am a chaitheamh thar lear agus scileanna nua a fháil. Ní deiseanna do mhic léinn amháin atá i gceist in Erasmus+. Cumasctar seacht gclár roimhe seo ann, a fhágann go dtairgtear deiseanna do raon leathan daoine agus eagraíochtaí. Tá €14.7 billiún curtha i leataobh ag an AE le caitheamh ar Erasmus+ thar seacht mbliana an chláir.
Is é aidhm Erasmus+ cuidiú le straitéis Eoraip 2020 d’fhás, poist, comhionannas agus cuimsiú sóisialta, agus le haidhmeanna ET2020, arb é creat straitéiseach an AE don oideachas agus don oiliúint.
Tá sé mar aidhm ag Erasmus + freisin forbairt inbhuanaithe a chomhpháirtithe i réimse an ardoideachais a chur chun cinn, agus cur le cuspóirí Straitéis Óige an AE.
Ar na saincheisteanna ar leith a ndíríonn an clár orthu tá:
Is é an Coimisiún Eorpach (comhlacht feidhmiúcháin an AE), an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA), sraith Gníomhaireachtaí Náisiúnta i dtíortha an Chláir, agus sraith Oifigí Náisiúnta i roinnt tíortha Comhpháirtíochta, a bhainistíonn an clár Erasmus+.
Déanann Gníomhaireachtaí Náisiúnta atá lonnaithe i ngach tír cláir bainistíocht dhíreach ar ghníomhaíochtaí díláraithe.
Cuirfear formhór na dtionscadal seo i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil agus díreoidh siad ar mhalartú idir tíortha.
Tá Erasmus+ faoi chomhbhainistíocht in Éirinn ag Léargas agus an tÚdarás um Ardoideachas.
Is é an ról atá acu:
Gheofar tuilleadh eolais ar Erasmus+ in Éirinn ar an suíomh gréasáin tiomnaithe http://erasmusplus.ie/.
Necessary cookies are absolutely essential for the website to function properly. This category only includes cookies that ensures basic functionalities and security features of the website. These cookies do not store any personal information.
Any cookies that may not be particularly necessary for the website to function and is used specifically to collect user personal data via analytics, ads, other embedded contents are termed as non-necessary cookies. It is mandatory to procure user consent prior to running these cookies on your website.