Comhthéacs Rialála
Tháinig an pacáiste reachtach atá mar bhonn agus thaca ag CSE+, Rialachán na bhForálacha Coiteanna, agus Rialachán CSE+, i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2021.
Tá roinnt riachtanas ‘tiúchan téamach’ le haghaidh CSE+, rud a chiallaíonn réimsí nach mór do na Ballstáit íosmhéid dá leithdháileadh a chaitheamh. Ceanglaítear ar Éirinn 25% den leithdháileadh CSE+ a chaitheamh ar bhearta cuimsitheachta sóisialta, 5% ar dhul i ngleic le bochtaineacht leanaí, agus 3% ar aghaidh a thabhairt ar dhíothacht ábhartha. Caithfidh ‘méid iomchuí’ a chaitheamh freisin ar fhostaíocht don aos óg agus ar fhorbairt acmhainní comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Ceanglaítear ar na Ballstáit freisin tacú le gníomhaíochtaí nuálaíochta sóisialta a bhfuil ráta níos airde de chómhaoiniú AE suas le 95 % ar fáil do ghníomhaíochtaí den sórt sin (suas le 5 % den leithdháileadh náisiúnta CSE+).
Rialacháin Iomchuí
Necessary cookies are absolutely essential for the website to function properly. This category only includes cookies that ensures basic functionalities and security features of the website. These cookies do not store any personal information.
Any cookies that may not be particularly necessary for the website to function and is used specifically to collect user personal data via analytics, ads, other embedded contents are termed as non-necessary cookies. It is mandatory to procure user consent prior to running these cookies on your website.