An tseachtain seo in Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe, chuir 21 phríomhghairmí ó earnálacha éagsúla ar fud Réigiún Thuaisceart agus Iarthar na hÉireann tús le Clár Staidéir AE.
Is é Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair a dhear an clár agus is é Ionad Teicneolaíochta na Gaillimhe a sholáthraíonn é i gcomhar leis an gColáiste Éireannach, Lováin. Tá sé mar aidhm leis an gclár baill foirne shinsearacha ar fud an réigiúin a uasoiliúint i Struchtúir an Aontais Eorpaigh (AE) agus i bhféidearthachtaí Cistiúcháin ó AE.
Tá an cúrsa faoi stiúir ag an Uas. David Grant, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ar an gColáiste Éireannach, Lováin, a aithnítear go forleathan mar phríomh-shaineolaí i réimse an Aontais Eorpaigh agus na Sruthanna Cistiúcháin.
Tar éis na léachtaí tosaigh, taistealóidh na rannpháirtithe chuig an mBruiséil, croílár institiúidí an Aontais Eorpaigh, chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na deiseanna cistiúcháin ó AE atá ar fáil don réigiún.
Sa Bhruiséil, gheobhaidh an grúpa tuilleadh teagaisc ón Uas. Paul Webber, Speisialtóir ar Chistiú ó AE, agus beidh deis acu cuairt a thabhairt ar roinnt de na príomhinstitiúidí AE amhail an Coimisiún, an Pharlaimint agus Coiste na Réigiún.
Dar leis an Uas. Brendan Mooney, Feidhmeannach na gClár AE, “Tá an cúrsa seo ceaptha chun cabhrú lenár ngeallsealbhóirí réigiúnacha leas a bhaint as gach féidearthacht cistiúcháin ó AE. Beidh cistiú ó AE agus ár gceangal leis na Ballstáit níos tábhachtaí fós i dtimpeallacht iar-Bhreatimeachta. Mar sin, ní mór dúinn a chinntiú go measfaidh comhpháirtíochtaí ar fud an Aontais gur rud dearfach é ar ár n-imeallacht mar réigiún”.
Cé go dtiocfaidh an cúrsa chun deiridh i mí Eanáir 2020, beidh tairbhí an chomhoibrithe seo le brath go ceann i bhfad sa Réigiún.