Múnlaítear fócas na gCistí don tréimhse atá le teacht le rialacháin a chaibidlítear ar leibhéal an AE. Foráiltear leis na dréacht-Rialacháin d’Fhorálacha Coiteanna go dtacóidh na Cistí ina n-iomláine leis na Cuspóirí Beartais ginearálta seo a leanas:
1. Eoraip níos cliste – claochlú eacnamaíoch nuálach agus cliste.
2. Eoraip níos glaise, ísealcharbóin
3. Eoraip níos ceangailte – soghluaisteacht agus nascacht TFC réigiúnach
4. Eoraip níos sóisialta – Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur i bhfeidhm
5. Eoraip atá níos gaire do shaoránaigh – forbairt inbhuanaithe agus chomhtháite ar cheantair uirbeacha, tuaithe agus chósta trí thionscnaimh áitiúla.
Tá sé mar aidhm ag an CFRE comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a neartú trí infheistíocht a dhéanamh in earnálacha a fheabhsaíonn fás chun iomaíochas a fheabhsú agus poist a chruthú. Díreofar thar aon ní eile ar Chuspóirí Beartais 1, 2 agus 5 (Eoraip níos cliste agus Eoraip níos glaise, ísealcharbóin agus Eoraip atá níos gaire do shaoránaigh).
Tá na rialacháin don tréimhse cláraithe atá le teacht fós faoi chaibidlíocht agus tá leithdháileadh deiridh na hÉireann don CFRE le cinneadh fós. Is clár cómhaoinithe é an CFRE, rud a chiallaíonn go gcaithfear maoiniú an AE a mheaitseáil le céatadán socraithe den mhaoiniú náisiúnta. Athraíonn an ráta cómhaoinithe seo de réir réigiúin. Beidh trí réigiún NUTS 2 ag Éirinn i mbabhta 2021-2027, agus beidh dhá ráta cómhaoinithe éagsúla ann. Mar réigiúin ‘níos forbartha’, gheobhaidh réigiúin an Deiscirt agus an Oirthir agus Lár na Tíre 40% i maoiniú an AE, agus mar réigiún ‘faoi aistriú’ gheobhaidh réigiún an Iarthuaiscirt 55% i maoiniú an AE.
Sheol an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Roinn Oideachais, agus na trí Thionól Réigiúnacha próiseas comhairliúcháin chun bonn eolais a chur faoi roghnú tosaíochtaí maidir le húsáid mhaoiniú comhtháthaithe AE in Éirinn don tréimhse 2021-2027.
Mhair an comhairliúchán poiblí ón 13 Iúil go dtí an 4 Meán Fómhair. Bhí deis ag páirtithe leasmhara níos mó a fhoghlaim agus a dtuairimí a chur in iúl ag ceardlann chomhairliúcháin ar líne ar an 28 Iúil. Bhí 128 duine i láthair ag an gceardlann agus fuarthas 109 aighneacht.
Necessary cookies are absolutely essential for the website to function properly. This category only includes cookies that ensures basic functionalities and security features of the website. These cookies do not store any personal information.
Any cookies that may not be particularly necessary for the website to function and is used specifically to collect user personal data via analytics, ads, other embedded contents are termed as non-necessary cookies. It is mandatory to procure user consent prior to running these cookies on your website.