Díríonn an Clár ar dheiseanna sonracha fáis agus earnálacha a shainaithnítear i straitéis speisialtóireachta cliste na hÉireann chun cur le láidreachtaí réigiún an Deiscirt agus an Oirthir.
Rinneadh infheistíocht faoin gClár i Réigiún an D&O faoi chúig cinn de réimsí tosaíochta.
• RDTI a neartú
• Bonneagar TFC
• Tacaíochtaí d’FBM
• Geilleagar Ísealcharbóin
• Forbairt Uirbeach Inbhuanaithe
Tá sé mar aidhm ag an gClár cláir infheistíochta níos leithne a chomhlánú in earnálacha spriocdhírithe ardfháis agus nuálaíocha chun tacú le poist nua ardchaighdeáin a chruthú, nuálaíocht a threisiú, líon na gceadúnas a dheonaítear a mhéadú, chomh maith le cuidiú le geilleagar áitiúil réigiún an Deiscirt agus an Oirthir in Éirinn dul i méid.
Is é seo an tríú Clár Réigiúnach do Réigiún D&O agus tá siad uile á mbainistiú ag Tionól Réigiúnach an Deiscirt.
Is pacáiste maoinithe de thart ar €500 milliún ó Chiste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa (ERDF) agus ó Státchiste na hÉireann é Clár Réigiúnach an Deiscirt & an Oirthir (D&O) 2014-20.
Necessary cookies are absolutely essential for the website to function properly. This category only includes cookies that ensures basic functionalities and security features of the website. These cookies do not store any personal information.
Any cookies that may not be particularly necessary for the website to function and is used specifically to collect user personal data via analytics, ads, other embedded contents are termed as non-necessary cookies. It is mandatory to procure user consent prior to running these cookies on your website.