Cad é Ciste Sóisialta na hEorpa Plus?

Is é Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) príomhionstraim an Aontais Eorpaigh (AE) chun infheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus chun tacú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Don tréimhse 2021-2027, rinneadh an CSE a chumasc leis an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg (TTF), an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD), agus an Clár Fostaíochta agus Nuálaíochta Sóisialta (EaSI) a bhainistítear go díreach, chun CSE+ a dhéanamh. . Is é is aidhm do CSE+ leibhéil arda fostaíochta, cosaint shóisialta chóir, agus fórsa saothair oilte agus athléimneach a bhaint amach do shaol na hoibre amach anseo, i gcomhréir leis na prionsabail atá leagtha amach i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta.

Soláthraíonn Ciste Sóisialta na hEorpa Plus breis agus €10 billiún in aghaidh na bliana ar fud an Aontais Eorpaigh. Baineann gach tír san Aontas Eorpach leas as an gcistiú seo chun deiseanna fostaíochta a fheabhsú do na milliúin daoine agus chun sochaí níos cuimsithí a chruthú. Déanann sé cómhaoiniú ar thionscadail áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a bhaineann le fostaíocht ar fud an Aontais Eorpaigh.

Faoi 2022 bhí breis is €7 billiún faighte ag Éirinn ón CSE ó tháinig sí isteach san AE i 1973.

 

Conas a oibríonn sé?

Cruthaítear comhaontuithe comhpháirtíochta idir an Coimisiún Eorpach agus tíortha aonair an AE a leagann amach pleananna na n-údarás náisiúnta maidir le conas na Cistí Eorpacha a leithdháiltear orthu a úsáid. Bainfidh Éire leas as €1.4 billiún de mhaoiniú Beartais Chomhtháthaithe ón Aontas Eorpach don tréimhse 2021 go 2027.

Is doiciméad uileghabhálach é comhaontú comhpháirtíochta na hÉireann a shainíonn an straitéis agus na tosaíochtaí infheistíochta do chistí an Bheartais Chomhtháthaithe – lena n-áirítear CSE+, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, an Ciste Idirthréimhse Díreach agus an Ciste Eorpach um Iascach Muirí agus Dobharshaothrú (EMFAF).

Déanann na Ballstáit, in éineacht leis an gCoimisiún Eorpach, cláir CSE+ a phleanáil agus ansin cuirtear chun feidhme iad trí raon leathan eagraíochtaí soláthraithe san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon. Áirítear orthu sin údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, eagraíochtaí oideachais agus oiliúna, eagraíochtaí deonacha, Comhpháirtithe Sóisialta (i.e. ceardchumainn agus comhairlí oibreacha, eagraíochtaí tionscail agus gairmiúla) agus cuideachtaí aonair. Tá Aonad Beartais agus Oibríochtaí CSE+ laistigh den Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta freagrach as maoirsiú a dhéanamh ar gach ábhar a bhaineann le CSE+ in Éirinn.

Don tréimhse 2021 – 2027, déanfar infheistíochtaí CSE+ laistigh d’Éirinn a sheachadadh tríd an gClár Fostaíochta, Cuimsiú, Scileanna agus Oiliúna (EIST).

 

Maoiniú

Cabhróidh CSE+ le laghdú a dhéanamh ar riosca na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta, le béim ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste. Feabhsóidh maoiniú freisin an seans go bhfaighidh daoine post trí oiliúint a chur ar fáil chun scileanna agus athoiliúint a fheabhsú, foghlaim ar feadh an tsaoil, agus bearta oideachais le fócas orthu siúd a bhfuil dúshláin níos mó rompu maidir le rochtain a fháil ar mhargadh an tsaothair.

Níl deontais CSE+ ar fáil go díreach ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta. Tacaíonn CSE+ le raon cúrsaí, scéimeanna agus tionscadal ar fud na tíre ach seoltar an cúnamh seo trí roinnt Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais, a roghnaíodh tar éis cleachtadh cuimsitheach comhairliúcháin. Áirítear ar na Comhlachtaí seo an Roinn Dlí agus Cirt, an Roinn Coimirce Sóisialaí, an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, an Roinn Oideachais, SOLAS, an tÚdarás um Ard-Oideachas, Skillnet agus Spóirt Éireann.