Údaráis Deimhniúcháin CSE

Tá freagracht ar Údarás Deimhniúcháin CSE as bainistíocht fhónta éifeachtúil airgeadais a dhéanamh ar PEIL 2014-2020.

De réir Airteagal 126 de Rialachán na bhForálacha Coiteanna (AE) Uimh. 1303/2013, tá freagracht ar an Údarás Deimhniúcháin as na nithe seo:

  • Iarratais íocaíochtaí a dhréachtadh agus a chur isteach chuig an gCoimisiún Eorpach agus a dheimhniú go dtagann siad ó chórais cuntasaíochta iontofa agus go bhfuil siad bunaithe ar dhoiciméid tacaíochta infhíoraithe agus iad faoi réir deimhniúcháin an Údaráis Bhainistíochta; 
  • Na cuntais a dtagraítear dóibh i bpointe (a) d’Asirteagal 59(5) de Rialachán Airgeadais 966/2012 a dhréachtadh; 
  • Iomláine agus cruinneas na gcuntas a dheimhniú agus a chinntiú go bhfuil an caiteachas atá curtha isteach sna cuntais i gcomhlíontacht leis an reachtaíocht ábhartha agus go mbaineann sé le hoibriúcháin a roghnaíodh do mhaoiniú i gcomhréir le critéir ábhartha an Chláir Oibriúcháin; 
  • Torthaí na n-iniúchóireachtaí go léir a rinne an t-údarás iniúchóireachta, nó a rinneadh thar ceann an údaráis, a chur san áireamh nuair a bhíonn iarratais ar íocaíocht á ndréachtadh agus á gcur isteach; 
  • Córas ríomhairithe a dheimhniú agus a chothabháil ina ndéantar taifid na gcuntas do gach oibriúchán a chlárú agus a stóráil mar thaca leis na hiarratais íocaíocht. 

Tá an tÚdarás Deimhniúcháin neamhspleách go feidhmiúil ón Údarás Bainistíochta

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le:

Aonad Beartais agus Oibríochtaí CSE

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

Bloc 1, Urlár 3

Sráid Mhaoilbhríde

Baile Átha Cliath 1

D01 RC96

Fón: 01 889 2003

Ríomhphost: PEIL@dfheris.gov.ie

Facs: 01 889 2040

Twitter: @ESF_Ireland

Facebook: @EuropeanSocialFundIreland