Údarás Bainistíochta CSE

Tá an tÚdarás Bainistíochta freagrach as bainistíocht éifeachtach agus feidhmiú PEIL 2014-2020.

Seo a leanas feidhmeanna an Údaráis Bhainistíochta maidir le bainistíocht agus faireachán a dhéanamh ar an PEIL 2014-2020, mar a shainítear in Airteagal 125 de Forálacha Coiteanna (AE) Uimh. 1303/2013:

  • Bainistíocht airgeadais chuí CSE a chinntiú sa chlár;
  • Tuairiscí Deimhniúcháin Chaiteachais CSE a dheimhniú agus/nó a bhailíochtú agus iad a chur faoi bhráid Údarás Deimhniúcháin CSE lena n-íoc. Ní mór gach éileamh a bheith seolta chuig an Údarás Bainistíochta agus séalaithe sula gcuirfear ar aghaidh iad chuig an Údarás Deimhniúcháin;
  • É féin a shásamh go bhfuil na seiceálacha riachtanacha fíorúcháin á ndéanamh. Tá freagracht ar an Údarás Bainistíochta as a chinntiú go n-imscrúdaítear go hiomlán aon cheisteanna a ardaítear agus éilimh á seiceáil nó iniúchtaí á ndéanamh agus go dtugtar freagra cuí orthu/go dtugtar aghaidh chuí orthu;
  • An rúnaíocht a chur ar fáil do Choiste Faireacháin Chláir an Chláir Oibríochtúil agus cabhrú leis an gCoiste Faireacháin a chuid feidhmeanna a chomhlíonadh;
  • Tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme agus tuarascálacha cur chun feidhme deiridh ar ghníomhaíocht an Chláir a dhréachtú agus a chur faoi bhráid an Choiste Faireacháin agus an Choimisiúin Eorpaigh;
  • Sonraí faoi gach ceann de bhearta CSE a chóimheas le haghaidh faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar an gClár Oibríochtúil, lena n-áirítear sonraí faoi rannpháirtithe aonair i mbearta, nuair is infheidhme.

Is é Aonad Beartais agus Oibríochtaí CSE, an tÚdarás Bainistíochta do PEIL 2014-2020, an comhlacht ábhartha chun gearáin faoi CSE a fhiosrú. Tá fáil ar an Nós Imeachta um Ghearáin PEIL CSE anseo. Tá Foirm Ghearáin PEIL CSE ar fáil anseo.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le:

Aonad Beartais agus Oibríochtaí CSE

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

Bloc 1, Urlár 3

Sráid Mhaoilbhríde

Baile Átha Cliath 1

D01 RC96

Fón: 01 889 2003

Ríomhphost: PEIL@dfheris.gov.ie

Facs: 01 889 2040

Twitter: @ESF_Ireland

Facebook: @EuropeanSocialFundIreland