Ceisteanna Coitianta

Cad é CSE?

Is é Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) uirlis airgeadais an Aontais Eorpaigh chun infheistiú i ndaoine. Díríonn an CSE airgead chun cuidiú le Baillstáit na spriocanna atá comhaontaithe acu chun oideachas agus oiliúint a chur ar dhaoine ar fud na hEorpa trí Straitéis 2020 na hEorpa. Is é misiún an CSE ná cuidiú le dífhostaíochta chosc agus a chomhrac, fórsa oibre na hEorpa a bheith níos oilte le dul i ngleic le dúshláin nua agus daoine a choimeád i dteagmháil leis an margadh saothair.

Conas mar is féidir liom deontas a fháil ón CSE?

Tá deontais CSE go fáil go díreach ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Tacaíonn an CSE le raon cúrsaí, scéimeanna agus tionscnamh ar fud na tíre ach déantar an cúnamh seo a threorú trí Ranna agus Gníomhaireachtaí éagsúla, a roghnaítear mar thoradh ar chleachtas comhairliúcháin cuimsitheach. D’fhéadfadh go gciallódh maoiniú ón CSE go ndéantar cúrsaí nua a chur ar fáil, áiteanna breise a sholáthar ar chúrsaí, táillí nó cúnamh a sholáthar do mhic léinn nó do dhaoine faoi oiliúint. Déan liosta na ngníomhaíochtaí a bhfuil tacaíocht acu ó CSE 2014-2020 a sheiceáil ) le fáil amach an féidir leat tairbhe a bhaint as an tacaíocht.atá á ofráil.

Cén ceangal atá idir CSE agus Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta an AE?

Tá CSE ar cheann de chúig Chiste Struchtúrtha agus Infheistíochta (CSI) Eorpacha sa tréimhse cláreagraithe 2014-2020. Tá sé mar sprioc ag na Cistí uile an bhearna a chúngú idir na ceantair Eorpacha is saibhre agus is boichte le cláir fhorbartha comh-mhaoinithe. Laghdóidh sé seo na difríochtaí idir réigiúin agus cruthófar cothromaíocht eacnamaíochta agus sóisialta níos fearr laistigh de, agus idir, Bhaillstáit. In Éirinn, baintear úsáid as na cistí seo, mar aon le maoiniú Rialtas na hÉireann agus an Údaráis Áitiúil, chun €6.2 billiún a infheistiú sa tréimhse 2014-2020.

Déanann na  Comhaontaithe Comhpháirtíochta idir an Coimisiún Eorpach agus tíortha aonair an AE pleananna faoin tslí ina n-úsáidfear an maoiniú. Déanann siad spriocanna straitéiseacha agus tosaíochtaí infheistíochta gach tíre a rianadh, iad a cheangal le móraidhmeanna Straitéis 2020 na hEorpa don fhorbairt chliste, inbhuanaithe agus ionchuimsithe.

Conas mar a dhéantar cuspóirí CSE a fheidhmiú in Éirinn?

Cuirtear cuspóirí CSE i bhfeidhm in Éirinn tríd an gClár um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim 2014-2020. Faoi dheireadh na timthrialla reatha, beidh os cionn €7 mbilliún faighte ag Éire ón CSE ó ghlac sí ballraíocht san AE in 1973. Sa tréimhse 2014-2020 beidh an CSE ag iarraidh  dul i ngleic le ceisteanna a bhaineann le hoibrithe a uasoiliúint, tacú le rannpháirtíocht méadaithe ghrúpaí imeallaithe sa bhfórsa oibre, tacú le comhionannas agus leithcheal a chosc sa bhfórsa oibre.

Cad é an Clár um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim (PEIL) 2014-2020?

Is é an Clár um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim 2014-2020 an t-aon Chlár Oibríochtúil in Éirinn don tréimhse 2014-2020. Cuirtear san áireamh sa Chlár Oibríochtúil, agus comhlánaítear leis, gníomhartha i réimse an chaipitil dhaonna a dhéanfar ag leibhéal an AE agus ag leibhéal náisiúnta chun an Eorap a bheith níos tarraingtí don infheistiú agus don obair, ag feabhsú eolais agus nuálaíochta don fhás agus ag cruthú níos mó post agus poist níos fearr.

Is é an cistiú iomlán do Chlár Oibriúcháin PEIL ná €1.157 billiún, beidh €544.5 milliún de seo i bhfoirm cúnaimh CSE. Cuirtear €68m breise ar fáil don Tionscnamh Fostaíochta don Óige mar aon le leithdháileadh comhionann ón Stáitchiste agus ó CSE.

Cé na Tosaíochtaí Infheistíochta atá ag PEIL?

Ar aon dul leis na tosaíochtaí infheistíochta a leagtar amach sa Rialachán maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa, baineann na príomhréimsí a roghnaíodh le haghaidh infheistíochta in Éirinn le gníomhachtú na ndaoine dífhostaithe, le cuimsiú sóisialta agus le cuimsiú margadh saothair, le hoideachas agus le fostaíocht don aos óg.

Tá ceithre Ais Tosaíochta i gceist leis an gClár Oibríochtúil (cúig cinn nuair a áirítear cúnamh teicniúil freisin, rud a chistíonn riarachán oibríochtúil agus poiblíocht an chláir) a chuimsíonn thart ar 20+ ceann de ghníomhaíochtaí sonracha. Seo a leanas na haiseanna tosaíochta:

  • Tosaíocht 1: Gnóthachtáil fostaíochta inbhuanaithe agus ar ardcháilíocht a chur chun cinn trí bhearta ábhartha uasoiliúna agus tacú le soghluaisteacht lucht saothair.
  • Tosaíocht 2: Cuimsiú Sóisialta a chur chun cinn agus an t-idirdhealú a chomhrac sa mhargadh saothair.
  • Tosaíocht 3: Infheistiú in Oideachas, in Oiliúint agus i bhFoghlaim ar feadh an tSaoil d’fhonn uasoiliúint agus athoiliúint a chur ar an bhfórsa saothair.
  • Tosaíocht 4: An Tionscnamh um Fhostaíocht don Aos Óg.

Cad é an Tionscnamh Fostaíochta don Óige?

Tá an Tionscnamh Fostaíochta don Óige (TFÓ) ag dul i ngleic leis na hardleibhéil dífhostaíochta óige agus an baol a bhaineann le glúin chaillte dá réir. Bhí an TFÓ ar fáil do Bhaillstáit ina raibh dífhostaíocht óige níos airde ná 25% in 2012. In Éirinn, bhí na figiúirí dífhostaíochta dóibh siúd faoi bhun 25 bliana d’aois ag uasmhéid 31.9% in 2012, an tairseach incháilitheachta do mhaoiniú TFÓ. Tá maoiniú €6 bhilliún á sholáthar don TFÓ i gceantair a cháilíonn don tacaíocht.

Cuireadh sain-leithdháileadh €68.145 milliún ar fáil do TFÓ na hÉireann. Beidh an maoiniú seo mar aon le leithdháileadh den leibhéal céanna ó CSE agus ó Státchiste na hÉireann dírithe go príomha ar bhearta atá aitheanta i bPlean Feidhme na hÉireann do Ráthaíocht, a aontaíodh leis an gCoimisiún Eorpach in 2014.

Is é spriocghrúpa Thionscnamh Fostaíochta don Óige ná daoine óga faoi bhun 25 bliana d’aois nach bhfuil i bhfostaíocht, oideachas ná oiliúint, bunaíodh Tosaíocht ar leith in PEIL 2014-2020 chun díriú ar mhaoiniú CSE agus YEI.