CSE+ 2021-2027

Ciste Sóisialta na hEorpa Plus

Is é CSE+ ionstraim an AE um Infheistiú i bpobail. Tá sé mar aidhm aige deiseanna fostaíochta agus oideachais a fheabhsú, cuimsiú sóisialta a  fheabhsú, agus dul i ngleic le bochtaineacht. Is é Eoraip níos sóisialaí príomhchuspóir an CSE+. Tacóidh sé le prionsabail chreat na hEorpa um chearta sóisialta agus le cur i bhfeidhm moltaí faoin Seimeastar Eorpach.

Beidh ar bhallstáit a bhfuil líon suntasach daoine óga iontu nach bhfuil i fostaihe, in oideachas nó in oiliúint 10% ar a laghad den mhaoiniú CSE+ a thiomnú do bheartais chun tacú le fostaíocht don aos óg agus do ghníomhachtú daoine óga

Ní mór do Bhallstáit 25%, ar a laghad, den mhaoiniú CSE+ a leithdháileadh ar bheartais a chothaíonn cuimsiú sóisialta agus a dhíríonn orthu siúd is mó atá i ngátar, agus leagtar síós sprioc 4% freisin chun tacú leis na daoine is leochailí.

Beidh CSE+ níos comhleanúnaí le Cistí eile a sholáthraíonn tacaíocht do dhaoine agus cuirfidh sé leo, mar shampla Erasmus, an Ciste Tearmainn agus Imirce, An Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú agus An Clár Tacaíochta um Athchóiriú.

Tá na rialacháin don tréimhse cláraithe atá le teacht fós faoi chaibidlíocht agus níl cinneadh déanta fós maidir le leithdháileadh deiridh CSE+ d’Éireann. Is clár comh-mhaoinithe é CSE+, rud a chiallaíonn go gcaithfear maoiniú an AE a mheaitseáil le céatadán socraithe den mhaoiniú náisiúnta. Athraíonn an ráta comh-mhaoinithe sin ó réigiún go réigiún. Beidh trí NUTS 2 (Aonad Críche Maidir le Staidreamh) ag Éirinn sa bhabhta 2021 – 2027, agus dhá ráta difriúla chomh-mhaoinithe. Mar réigiúin ‘níos forbartha’, gheobhaidh réigiúin an Deiscirt agus an Oirthir agus Lár na Tíre 40% de mhaoiniú an AE, agus mar réigiún ‘trasdula’ gheobhaidh réigiún an Iarthuaiscirt 55% de mhaoiniú an AE.

Rinne an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus na trí Thionól Réigiúnacha próiseas comhairliúcháin chun bonn eolais a chur faoi roghnú tosaíochtaí maidir le maoiniú comhtháthaithe AE a úsáid in Éirinn don tréimhse 2021-2027.

Bhí an comhairliúchán poiblí ar siúl ón 13 Iúil go dtí an 4 Meán Fómhair. Bhí deis ag páirtithe leasmhara níos mó a fhoghlaim agus a dtuairimí a chur in iúl ag ceardlann comhairliúcháin ar líne an 28 Iúil. Bhí 128 duine i láthair ag an gceardlann agus fuarthas 109 aighneacht.