Fógraíodh An Clár Oibre nua Scileanna don Eoraip an 1 Iúl, 2020. Is í an phríomhaidhm atá leis ná a chinntiú go ndéanfar an ceart chun oiliúna agus foghlaim ar feadh an tsaoil a fhíorú ar fud na hEorpa.
An Clár Oibre Scileanna don Eoraip:
Cuimsíonn An Clár Oibre Scileanna don Eoraip ceithre chuspóir agus 12 Ghníomh:
Tá Gairmoideachas agus Oiliúint maidir le hiomaíochas inbhuanaithe, cothroime sóisialta agus athléimneacht ar cheann de phríomhghníomhartha an Chláir Oibre Scileanna. Beidh Gairmoideachas agus oiliúint ina uirlis riachtanach chun cabhrú le daoine óga agus daoine fásta poist a aimsiú tar éis géarchéim an Choróinvíris. Tá roinnt gníomhartha molta ag an gCoimisiún chun GOO a dhéanamh seasmhach i leith na todhchaí. Tá tuilleadh eolais ar fáil ar Bhileog Eolais GOO.
Príomhghníomh eile den Chlár Oibre Scileanna is ea ardán an Europass a athsheoladh. Is é Europass uirlis an AE d’oibrithe, cuardaitheoirí poist, foghlaimeoirí agus oibrithe deonacha chun a ngairm a phleanáil agus rochtain a fháil ar uirlisí agus eolas ar obair agus ar fhoghlaim san Eoraip. Solathraíonn an t-ardán uirlis r-Phunann ar líne nua ilteangach do dhaoine chun faisnéis a thaifeadadh faoina gcuid scileanna, cáilíochtaí agus eispéiris, moltaí oiriúnaithe a fháil maidir le poist agus oiliúint agus iarratais ar phoist a ullmhú agus a rianú. Féach ar ardán an Europass.
Is féidir eolas ar an 12 ghníomh a aimsiú ag C&F an Chomisiúin Eorpaigh faoin gClár Oibre Scileanna don Eoraip maidir le hiomaíochas inbhuanaithe, cothroime sóisialta agus athléimneacht.
Tá acmhainní suntasacha curtha ar fáil ag an gCoimisiún do gníomhaíochtaí a bhaineann le scileanna. Tá buiséad €86 billion molta ag Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, agus buiséad €40 billion molta ag Ciste an Trasdula Cóir.
Necessary cookies are absolutely essential for the website to function properly. This category only includes cookies that ensures basic functionalities and security features of the website. These cookies do not store any personal information.
Any cookies that may not be particularly necessary for the website to function and is used specifically to collect user personal data via analytics, ads, other embedded contents are termed as non-necessary cookies. It is mandatory to procure user consent prior to running these cookies on your website.