Is í an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta an t-údarás ainmnithe in Éirinn do ghnóthaí beartais agus oibríochtaí a bhaineann leis an CSE. Déanann Aonad Beartais agus Oibríochtaí CSE na Roinne maoirseacht ar na gnóthaí uile a bhaineann leis CSE in Éirinn agus déanann sé ionadaíocht do sheasamh na hÉireann ag an leibhéal Eorpach i dtaca le CSE. Le bheith cruinn faoi, tá freagracht air as cláir a fhorbairt, as faireachán agus cur chun feidhme a dhéanamh ar chláir ar bhonn leanúnach agus as bainistíocht fhónta éifeachtúil airgeadais a dhéanamh ar gach ceann de ghníomhaíochtaí CSE in Éirinn.
Dírítear an obair sin ar thacú leis an gComhaontú Comhpháirtíochta, ar doiciméad é ina leagtar amach an tslí ina mbaintear úsáid as Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa in Éirinn. Tugtar breac-chuntas freisin sa Chomhaontú Comhpháirtíochta ar riachtanais forbartha na hÉireann agus sainítear tosaíochtaí náisiúnta ann chun tacú lena Clár Athchóirithe Náisiúnta (CNA) agus le baint amach na spriocanna náisiúnta le haghaidh Straitéis Eoraip 2020 a sholáthar ar mhaithe le fás atá cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach.
Tá Aonad Beartais agus Oibríochtaí CSE roinnte in dhá fho-aonad leithleach:
Tá an tAonad Iniúchóireachta Inmheánach agus AE sa Roinn Oideachais mar Údarás Iniúchóireachta don Chlár um Infhostaitheacht, Cuimsiú agus Foghlaim 2014-2020.
Necessary cookies are absolutely essential for the website to function properly. This category only includes cookies that ensures basic functionalities and security features of the website. These cookies do not store any personal information.
Any cookies that may not be particularly necessary for the website to function and is used specifically to collect user personal data via analytics, ads, other embedded contents are termed as non-necessary cookies. It is mandatory to procure user consent prior to running these cookies on your website.