An Tionscnamh Cumas

Cuireann an Clár Cumas maoiniú ar fáil do thionscnaimh áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a dhíríonn ar dhaoine óga le míchumais, idir 15 agus 29 bliana d’aois a threorú níos gaire don mhargadh saothair.

Díríonn an margadh saothair ar dhaoine óga nach bhfuil fostaithe faoi láthair trí úsáid a bhaint as raon tacaíochtaí duinelárnach. Cuidíonn an cineál seo oibre le daoine óga bealaí chun cinn a aithint agus a leanúint bunaithe ar a n-acmhainní agus a riachtanas araon.

Is iad cuspóirí Cumas ná:

  • Cuidiú le daoine óga le míchumais an muinín agus an neamhspleáchas is gá a chothú chun páirt a ghlacadh in oideachas, oiliúint agus fostaíocht.
  • Cuidiú le daoine óga le míchumais ag príomhphointí agus iad ag aistriú idir oideachas, oiliúint agus fostaíocht.
  • Tacú le daoine óga le míchumais nach bhfuil in oideachas, oiliúint ná fostaíocht fáil a bheith acu ar oideachas, oiliúint agus fostaíocht.
  • Cur le hacmhainn na  soláthraithe príomhshrutha fostaíochta, oideachais agus chun tacú le dul chun cinn dhaoine óga le míchumais.
  • Cur le hacmhainn na  bhfostóirí chun daoine óga le míchumais a earcú sa bhfórsa oibre.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin gClár Cumas ag https://www.pobal.ie/programmes/ability-programme/