Litearthacht do Dhaoine Fásta

Tá sé mar aidhm ag an Litearthacht do Dhaoine fásta fáil chothrom ar eolas ar feadh an tsaoil a fheabhsú do gach aoisghrúpa i suíomhanna foirmiúla, seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla, agus conairí foghlama solúbtha á chothú trí ghairmthreoir agus bailíochtú ar inniúlachtaí a bhíonn gnóthaithe. Bíonn an infheistíocht dírithe go príomha orthu siúd atá dífhostaithe, go háirithe daoine dífhostaithe go fadtéarmach, grúpaí faoi mhíbhuntáiste, iad siúd atá faoi bhun 35 bliana d’aois agus iad siúd a bhí fostaithe cheana in earnálacha a bhí ag dul in éag ar nós tionscal na tógála, mar aon le daoine fásta ar gá doibh a mbunscileanna litearthacht, teanga agus uimhearthachta a fheabhsú.

Tugann an Litearthacht do Dhaoine Fásta deis dóibh siúd a bhfuil deacrachtaí léitheoireachta agus scríbhneoireachta acu oideachas litearthachta a rochtain. Soláthraítear raon bunchlár oideachais do dhaoine fásta lena n-áirítear, b’fhéidir:

  • Léitheoireacht agus scríbhneoireacht
  • Scileanna cumarsáide
  • Uimhreacha a úsáid agus dul i ngleic le fadhbanna matamaitice sa ghnáthshaol
  • Smaointeoireacht chruthaitheach agus fadhbréiteach
  • Scileanna staidéir

 

Glac an chéad chéim

Is é ‘Glac an chéad chéim’ ná feachtas na hÉireann chun daoine fásta a bhfuil deacrachtaí acu le léitheoireacht, scríbhneoireacht, matamaitic nó teicneolaíocht a spreagadh chun teagmháil a dhéanamh le líne tacaíochta Saorfhóin 1800 20 20 65 chun an cúnamh a theastaíonn uathu a fháil. Chomh luath agus a dhéanann siad teagmháil cuirfidh an Ghníomhaireacht Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh (NALA) iad i dteagmháil lena Lárionad Oideachais Aosaigh áitiúil de chuid an ETB nó inseoidh siad dóibh faoi sheirbhísí eile saor in aisce a fhreastalóidh ar a riachtanais.

Margaret Donovan 

Lisa Banks

Galina Moraru