BOO Oiliúint dóibh siúd atá Dífhostiathe

Cuireann an ghníomhaíocht seo raon cúrsaí gairmiúla oiliúna ar bun chun freastal ar riachtanais daoine dífhostaithe nó cuardaitheoirí poist eile. Tá trí chineál ann: Oiliúint SainScileanna, Príntíseachtaí agus Nasc-Chúrsaí.

 

Oiliúint SainScileanna (OSS)

Dé ghnáth tógann sé thart ar 6 mhí lánaimseartha na cúrsaí seo a chríochnú agus tá sé mar chuspóir acu freastal ar riachtanais na tionsclaíochta i raon earnálacha le creidiúnú ag leibhéil 4-6 ar an CNC nó teastas ó chomhlacht creidiúnaithe seachtrach. Bíonn na cúrsaí ar bun i rith na bliana go léir chun freastal orthu siúd atá ag dul isteach sa mhargadh saothair don chéad uair agus daoine ar mian leo scileanna nua a ghnóthú. I measc na gcúrsaí atá ar fáil tá: Feidhmiúcháin Ríomhaire agus Scileanna Oifige, Scileanna Díolacháin, Sláinte agus Scéimh, Riarachán Gnó, Bainistíocht Slándála don Teicneolaíocht, Próiseas Gnó a Fheabhsú agus Oibríochtaí Déantúsaíochta.

 

Printíseachtaí

Tógann sé idir 4 agus 9 mhí go lánaimseartha chun printíseacht a dhéanamh maraon le hoiliúint don ghairm féin a bheith mar chuid den oiliúint ghairmiúil agus cóitseáil san ionad oibre le haoí-fhostóir. Cúrsaí lánaimseartha a bhíonn ann a bhíonn ar bun i rith na bliana go léir chun freastal orthu siúd atá ag dul isteach sa mhargadh saothair don chéad uair agus daoine ar mian leo scileanna nua a ghnóthú. Creidiúnú idir leibhéal 4-6 ar an CNC nó teastas ó chomhlacht creidiúnaithe seachtrach a bhíonn le gnóthú. I measc na gcúrsaí atá ar fáil tá: Teiripeoir Scéimhe, Teagascóir do Ghníomhaíochtaí Lasmuigh, Teicneoir Seirbhíse do Chórais Ghnó agus Forbróir Bogearraí.

 

Nasc-Chúrsaí/Bonnchúrsaí

Déantar na cúrsaí seo a fhorbairt agus a ofráil chun freastal go príomha ar fhoghlaimeoirí go príomhchúrsa margaidh nó pointe tosaithe na fostaíochta. D’fhéadfadh gur gearrchúrsaí nó cúrsaí níos faide a bhíonn i gceist. De ghnáth déantar iad a chreidiúnú ag leibhéil 3 agus 4 ar an CNC. Díríonn na cúrsaí seo ar dhaoine atá i bhfad ón margadh saothair, nó ar mian leo filleadh ar an bhfostaíocht nó ar an oideachas agus oiliúint tar éis tréimhse fada fostaíochta. Déanann na cúrsaí seo oiliúint idirbheartaíochta a sholáthar ina mbíonn an bhéim ní hamhain ar scileanna gairme ach ar fhorbairt phearsanta, pleanáil don ghairm, agus muinín a fhorbairt.

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na cúrsaí seo ach teagmháil a dhéanamh le do BOO áitiúil ag:

www.etbi.ie/etbs/directory-of-etbs/