Tá sé mar phríomhaidhm ag na tionscadail a bheith gafa le daoine óga (idir12-17 bliana d’aois) atá i mbaol/nó gafa le hiompraíocht fhrithshóisialta/choiriúil agus tacaíochtaí spriocdhírithe a chur ar fáil dóibh chun a chur ar chumas na ndaoine óga seo an chiontóireacht a stop agus ionchur dearfach a bheith acu sa tsochaí . Cuireann na tionscnaimh deiseanna dearfacha ar fáil do na rannpháirtithe in oideachas, fostaíocht agus oiliúint mar aon le spórt, ealaín, ceol agus gníomhaíochtaí eile, gach ceann acu seo ag cur go mór le deiseanna fostaíochta a fheabhsú. Bíonn na tionscnaimh lonnaithe d’aon ghnó i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus imeallaithe ina bhfuil ardleibhéil ógchoiriúlachta agus seantaithí ar luathfhágáil scoile agus ar dhífhostaíocht ó ghlúin go glúin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le hAonad na gClár Pobal de Sheirbhís na hÉireann um Cheartas i leith an Aosa Óig: community.iyjs@justice.ie
Necessary cookies are absolutely essential for the website to function properly. This category only includes cookies that ensures basic functionalities and security features of the website. These cookies do not store any personal information.
Any cookies that may not be particularly necessary for the website to function and is used specifically to collect user personal data via analytics, ads, other embedded contents are termed as non-necessary cookies. It is mandatory to procure user consent prior to running these cookies on your website.