Scéim Dreasachta JobsPlus

Dreasacht fostóra é JobsPlus a spreagann agus a bhronann luaíocht ar fhostóirí a fhostaíonn cuardaitheoirí poist ar an mBeochlár. Tá sé mar aidhm aige seo na deiseanna fostaíochta a fheabhsú do dhaoine óga faoi bhun 25 bliana atá ar an mBeochlár. Íoctar airgead ar bhonn rialta le fostóirí incháilithe mar chúiteamh ar chostais tuarastail nuair a fhostaíonn siad cuardaitheoirí poist ón mBeochlár.

 Tá tuilleadh eolais ar fáil ag: www.welfare.ie/en/Pages/Jobs-Plus.aspx.