An Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail

Is í an fhís atá ag CCSGP (SICAP) ná na deiseanna maireachtála agus deiseanna eile a fheabhsú dóibh siúd atá imeallaithe sa tsochaí, ag maireachtáil go bocht nó dífhostaithe le cuir chuige i dtacaíocht phobail agus tacaíochtaí spriocdhírithe. Tá sé mar aidhm ag CCSGP tacú le daoine ó ghrúpaí agus ó phobail faoi mhíbhuntáiste atá in ardbhaol eisiaimh shóisialta. Cuimsíonn na spriocghrúpaí leanaí agus teaghlaigh i gceantair faoi mhíbhuntáiste, tuismitheoirí aonair, pobail nua, daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair faoi mhíbhuntaiste, daoine le míchumais, Taistealaithe, Roma, daoine óga dífhostaithe a bhfuil cónaí orthu i gceantair faoi mhíbhuntáiste, daoine óga nach bhfuil sa chóras oideachais, fostaithe nó daoine faoi oiliúint (NEET).

 

Spriocanna CCSGP :

  1. Tacú le agus acmhainní a sholáthar do cheantair faoi mhíbhuntáiste agus do spriocghrúpaí imeallaithe le dul i dteagmháil páirtithe leasmhara ábhartha go háitiúil agus go náisiunta chun dul i ngleic leis an eisiamh sóisialta agus le ceisteanna comhionannais;
  2. Tacú le daoine aonair agus le spriocghrúpaí imeallaithe atá faoi mhíbhuntáiste oideachais ionas gur féidir leo a bheith páirteach go hiomlán, a bheith gafa le agus dul chun cinn a dhéanamh trí dheiseanna foghlama fadsaoil a fháil ó chuir chuige forbartha pobail;
  3. A bheith gafa le spriocghrúpaí/daoine aonair imeallaithe agus leo siúd a bhfuil cónaí orthu i bpobail faoi mhíbhuntáiste ach nach mbaineann leis an soláthar do sheirbhís fostaíochta príomhshrutha, nó a dtagraítear dóibh mar CCSGP, le hiad a thabhairt níos gaire don mhargadh saothair agus a réiteacht chun oibre a fheabhsú, agus tacú leo fostaíocht agus féinfhostaíocht a rochtain agus deiseanna a chruthú don fhiontar sóisialta.

 

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag :

www.pobal.ie/beneficiaries/sicap/Pages/Social%20Inclusion%20and%20Community%20Activation%20Programme.aspx