Tionscadail Phromhaidh do Dhaoine Óga (YPP)

Tá na Tionscadail Phromhaidh do Dhaoine Óga (YPP) dírithe ar chur le hobair na Seirbhíse Promhaidh. Bíonn tionscadail YPP ag obair le leanaí agus le daoine óga idir 12-18 bliana agus cuirtear raon seirbhísí ar fáil d’ógchiontóirí i bpobail áitiúla, lena n-áirítear oiliúint agus oideachas, meantóireacht, agus cláir bhainistíochta do chiontóirí. Tacaíonn agus spreagann na tionscadail le daoine óga dul i ngleic leis an gcúis a bhaineann lena gciontóireacht agus athruithe dearfacha a dhéanamh chun aon chiontóireacht eile a sheachaint.  I measc na réimsí oibre tá: riachtanais oideachais; scileanna féinchúraim don saol; mí-úsáid drugaí agus alcól, agus sláinte mhothúchán agus mheabhrach.

Déantar ceithre thionscnamh YPP a mhaoiniú trí PEIL. Is iad seo.

 

Le Chéile

Is seirbhís deonach náisiúnta é Le Chéile don mheantóireacht agus do thacaíocht do theaghlaigh, a bhíonn ag obair le daoine óga atá gafa le nó i mbaol ciontóireachta. Bíonn tionchar ag an tionscnamh ar athrú dearfach a chruthú i saol daoine óga agus a dteaghlach, trí Mheantóireacht, Ceartas i leith an Aosa Óig agus Seirbhísí Tacaíochta Teaghlaigh.

 

Céim ar Chéim

Tá Céim ar Chéim, Ionad Lae don Oideachas agus Oiliúint, lonnaithe i Maigh Rois i dtuaisceart Chathair Luimní. Bíonn na tionscnamh seo ag freastal ar dhaoine óga atá ar promhadh, ógchiontóirí (bainteach le Cláir Idirchaidrimh don Óige) agus daoine óga eile a siltear iad a bheith i mbaol.

 

An Cnoc Theas

Bíonn tionscadal Fhor-Rochtana an Chnoic Theas gafa le, agus ag tacú le, hógchiontóirí sa phobal agus i scoileanna agus in ionaid choinneála, agus daoine óga eile atá i mbaol ciontóireachta agus/nó athchiontóireachta. Cuidíonn siad le daoine óga cleachtais saoil dhearfacha agus réamhshóisialta a fhorbairt. Bíonn na tionscnaimh seo ag obair le daoine óga idir 12 agus 25 bliana d’aois ó Chathair/Chontae Luimnigh, ó Chontae an Chláir agus ó Thiobraid Árann Thuaidh .

Dóchas don Óige

Bíonn Dóchas don Óige ag plé le daoine óga ó Chathair/Chontae na Gaillimhe agus mórthimpeall gur ciontóirí ar promhaidh iad nó daoine eile a shíltear iad a bheith i mbaol. Tá creidiúnú FETAC so chúrsa Oideachais agus Oiliúna d’ógánaigh ag dul leis an gcúrsa.

Tá agallamh le duine óg sa nuachtlitir seo, ina léirítear an tslí inar féidir leis an tionscnamh agus a fhoireann cabhrú le daoine óga. Tá picteagram mar aon le tuairimí léirithe ag daoine óga ann freisin.