Scéim Tacaíochta d’Fhostaíocht Óige

Tá an Scéim Tacaíochta d’Fhostaíocht Óige dírithe ar chuardaitheoirí poist óga atá dífhostaithe le fada nó a mhothaíonn bacainní fostaíochta, agus díríonn sé ar bhunscileanna oibre agus sóisialta a sholáthar do rannpháirtithe i dtimpeallacht thacúil agus iad ar thaithí oibre.

 Beidh an clár ar fáil do chuardaitheoirí poist agus do chohóirt incháilithe eile atá:

  • idir 18 angus 24 bliana d’aois; agus 
  • dífhostaithe agus íocaíocht cháilithe á fháil acu ar feadh 12 mí ar a laghad: nó
  • má tá siad dífhostaithe ar feadh níos lú ná 12 mí, go síleann oifigeach DEASP go bhfuil mórbhac rompu obair a ghnóthú.