Ógtheagmháil

Tá sé mar aidhm ag Ógtheagmháil freastal ar riachtanais forbartha phearsanta agus sóisialta luathfhagálaithe dífhostaithe scoile idir 15 agus 20 bliain d’aois.

Cuireann Ógtheagmháil deiseanna in oideachas bunúsach, forbairt phearsanta, oiliúint ghairmiúil agus taithí oibre ar fáil do rannpháirtithe. Díríonn an clár ar phátrún foghlama ar feadh an tsaoil a leabú agus rannpháirtithe a lánpháirtiú i ndeiseanna breise oideachais agus oiliúna agus sa mhargadh saothair. Díríonn an clár freisin ar dhul i ngleic leis an ionchuimsiú sóisialta ar bhonn níos leithne. Bíonn cáilíochtaí ag leibhéil a 3 agus 4 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochta le bronnadh de ghnáth ón gclár.

Mar aon le bheith mar chuid de Thosaíocht 2, faigheann Ógtheagmháil leithdháileadh speisialta faoin Tionscnamh Fostaíochta don Óige.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag https://www.education.ie/en/Learners/Information/Youthreach/ nó trí theagmháil a dhéanamh le do BOO áitiúil www.etbi.ie/etbs/directory-of-etbs/.