Cistiú le haghaidh Comhionannas Inscne agus Imeascadh Imirceach

Minister Charlie Flanagan

Fógraíonn an tAire Flanagan agus an tAire Stanton cistiú le haghaidh Comhionannas Inscne agus Imeascadh Imirceach

·          Leithdháilfear €10.3 milliún san iomlán ar 36 thionscadal ar fud na tíre

·          Tacófar le 36 thionscadal sa tréimhse trí bliana atá romhainn i láithreacha éagsúla ar fud na hÉireann

·          Cuirfear €1.5 milliún eile ar fáil do thionscadail lena dtacaítear le fiontraíocht na mban

Inniu, rinne an tUas. Charlie Flanagan TD, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, agus an tUas. David Stanton TD, an tAire Stáit le freagracht speisialta as Imeascadh, Inimirce agus Comhionannas ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, deontais dar luach iomlán €10.3 milliún a fhógairt chun tacú le comhionannas inscne agus chun cabhrú le himeascadh imirceach.

Thar an tréimhse trí bliana atá romhainn, déanfaidh Eagraíochtaí Neamhrialtasacha, grúpaí pobail atá lonnaithe sa cheantar áitiúil agus grúpaí eile ar éirigh leo i nGairmeacha Tograí oscailte 36 thionscadal san iomlán a sholáthar i láithreacha éagsúla ar fud na hÉireann.

Trí na tionscadail chomhionannais inscne, tacófar le fiontraíocht na mban agus lena rannpháirtíocht san fhórsa saothair trí raon tionscnamh oiliúna agus meantóireachta.

Áirítear iad seo a leanas leis na tionscadail chomhionannais inscne a roghnaíodh lena gcistiú:

  • Tionscadal i Laighin a bhfuil mar aidhm leis oiliúint ullmhachta don fhostaíocht a sholáthar do mhná sa chóras tearmainn. Díreofar ann ar láithreacha Soláthair Dhírigh.
  • Tionscadal i mBaile Átha Cliath Theas agus Thiar a bhfuil mar aidhm leis oiliúint agus meantóireacht a sholáthar do mhná atá ag iarraidh a ngnó féin a chur ar bun.
  • Tionscadal i gContae Loch Garman a bhfuil mar aidhm leis oiliúint chuimsitheach ullmhachta don phost atá creidiúnaithe ag Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) a sholáthar do mhná atá scoite ón margadh saothair.

Ag fógairt an chistiúcháin chomhionannais inscne dó, dúirt an tAire Flanagan:

“A bhuí leis an gcistiú €5.8m atá á fhógairt agam inniu, tacófar le rannpháirtíocht na mban san fhórsa saothair. Cuirtear é leis an gcistiú €5.5m a dámhadh do 18 dtionscadal sa bhliain 2017 agus úsáidfear é chun tacú go díreach le mná faoi mhíbhuntáiste an margadh saothair a rochtain. Tá súil agam go gcabhrófar le tuilleadh ban a éirí ina bhfiontraithe rathúla a bhuí leis an gcistiú freisin.

Dúirt sé freisin:

“Is mórúdar misnigh dom an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo agus an méadú leanúnach ar rannpháirtíocht na mban san fhórsa saothair. Is amhlaidh go fóill, áfach, gurb ísle, tríd is tríd, rannpháirtíocht na mban san fhórsa saothair ná rannpháirtíocht na bhfear, gurb ísle an pá a fhaigheann mná ná a fhaigheann fir agus gur lú an rochtain atá ag mná ar phoist shinsearacha ná atá ag fir. Tá seans níos lú ann freisin go mbeidh a ngnó féin faoi úinéireacht nó faoi bhainistíocht ag mná.

Trí na tionscadail imeasctha imirceach, soláthrófar raon tacaí praiticiúla go díreach d’imircigh, lena n-áirítear ranganna Béarla agus oiliúint don áit oibre. Tabharfar cistiú do thionscnaimh frithchiníochais agus do thionscadail éagsúlachta cultúrtha freisin.

Áirítear iad seo a leanas leis na tionscadail imeasctha imirceach a roghnaíodh lena gcistiú:

  • Tionscadal i gCorcaigh a bhfuil mar aidhm leis oiliúint ullmhachta don fhostaíocht a sholáthar d’imircigh i réimse na gortóireachta.
  • Tionscadal náisiúnta a bhfuil mar aidhm leis oiliúint struchtúrtha éagsúlachta a sholáthar i scoileanna ar mhaithe le héagsúlacht agus imeascadh a chur chun cinn.
  • Tionscadal náisiúnta a bhfuil mar aidhm leis clár forbartha gairmiúla a sholáthar trí rannpháirtíocht i ndúshláin phearsanta, fhisiciúla, phobail agus foirne.

Ag fógairt an chistiúcháin imeasctha imirceach dó, dúirt an tAire Stanton:

“Chistigh mé 20 tionscadal cheana féin, agus deontais dar luach iomlán €4.5m á soláthar sa bhliain 2017 chun tacú le tionscadail imeasctha imirceach thar thréimhse trí bliana. Leanfaidh mé le cistiú a sholáthar do roinnt de na tionscadail atá ann cheana agus chuir mé cinn nua leo mar chuid de na 19 dtionscadal a leithdháilfear cistiú deontais €4.5m orthu don tréimhse 2019-22. Mar thoradh ar na deontais sin, treiseofar an dea-obair a bhíonn á déanamh ag eagraíochtaí pobail áitiúil agus ag eagraíochtaí neamhrialtasacha náisiúnta gach lá chun tacú le himeascadh imirceach, rud a bhfuil ríthábhacht ag baint leis.”