“Tá Glasbhealaí ag athrú na ndóigheanna a mbíonn ár bpobail agus ár muintir ag bogadh. Tá sé de chumas ag Glasbhealaí sócmhainní, pobail agus áiteanna oibre i limistéir uirbeacha agus i limistéir thuaithe araon a nascadh agus cultúr agus sócmhainní oidhreachta nádúrtha a nascadh freisin”, dar le Patrick Devine, Bainisteoir Tionscadail OUR WAY, a oibríonn i Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair.
Cuireadh Cuairt Staidéir ar Líne OUR WAY ar Éirinn, inar pléadh Glasbhealaí, ar siúl an 16 Iúil. I measc na ndaoine a ghlac páirt sa chruinniú bhí comhpháirtithe tionscadail agus geallsealbhóirí ón mBulgáir, ón Ungáir, ón bPolainn, ón Spáinn agus ón bhFrainc, mar aon le geallsealbhóirí ón Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt, ó Fháilte Éireann, ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus ó Chomhairle Contae Dhún na nGall. Bhí sé mar chuspóir le cruinniú an Staidéir ar Líne na Glasbhealaí i Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair a thaispeáint, agus tagairt shonrach á déanamh don dea-chleachtas a úsáideadh ar Ghlasbhealach Mór an Iarthair.
I dtús an chruinnithe, chuir gach duine a bhí i láthair iad féin in aithne agus, ina dhiaidh sin, thug David O’Malley (Innealtóir Feidhmiúcháin, Comhairle Contae Mhaigh Eo) an t-eolas is deireanaí ar Ghlasbhealach Mór an Iarthair mar atá sé faoi láthair, mar aon le nithe a foghlaimíodh thar shaolré an tionscadail, ó na céimeanna tosaigh d’fhorbairt an Ghlasbhealaigh go dtí an lá atá inniu ann. Tugann 265,000 duine in aghaidh na bliana cuairt ar Ghlasbhealach Mór an Iarthair. Leag David béim ar an bpointe go bhfuil sé tábhachtach faireachán a dhéanamh go tráthrialta ar an tionchar atá ag na cuairteoirí sin ar an ngeilleagar áitiúil trí áiritheoirí a úsáid feadh an bhealaigh agus trí shuirbhéanna a dhéanamh ar úinéirí gnó/úinéirí óstáin agus ar shiopaí fruilithe rothar sa cheantar áitiúil.
Mhínigh Ronan Gallagher, Bainisteoir Cumarsáide Ghlasbhealach an Iarthuaiscirt, gur dámhadh cistiú ab fhiú €14.8 milliún ó chlár INTERREG VA de chuid na hEorpa don tionscnamh trasteorann idir Comhairle Contae Dhún na nGall agus Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSrátha Báin chun stráice 46.5 km de ghlasbhealach trasteorann a fhorbairt. Tá sé mar aidhm le Glasbhealach an Iarthuaiscirt 500 duine ar a laghad a spreagadh faoin mbliain 2022 dul ar rothar nó de shiúl na gcos chun na scoile, na hoibre nó an choláiste agus na hastaíochtaí dé-ocsaíd charbóin atá ag dul isteach inár n-atmaisféar a laghdú faoi níos mó ná 300 tonna carbóin in aghaidh na bliana faoin mbliain 2023.
Lean Michael Fitzsimons (Fáilte Éireann) leis an seisiún ar líne tríd an dea-chleachtas a chur i láthair maidir le heispéireas an chuairteora ar an nGlasbhealach a nascadh leis na háiseanna atá ann cheana sa cheantar agus maidir leis na dóigheanna is fearr ar féidir é sin a chur chun cinn d’úsáideoirí, bíodh turasóirí dúchasacha nó turasóirí eachtracha iontu. Labhair sé faoin nasc idir tionscnamh turasóireachta Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus ócáid Cycle Sportif, ar bealach rothaíochta 2000 km feadh Chósta Thiar na hÉireann é ag a bhfuil 17 gcéim oifigiúla aige ón Deisceart go dtí an Tuaisceart.
Le linn an chruinnithe, thug comhpháirtithe ionchur i dtaca leis na dóigheanna is fearr ar féidir staidéar bonnlíne a thosú ar na tairbhí a bhaineann le Glasbhealaí. Leag Mercedes Munoz (Cumann Glasbhealaí na hEorpa) béim ar an bhfíric go bhfuil sé tábhachtach sonraí bailí a bheith ann chun na tairbhí ‘roimhe agus ina dhiaidh’ a chur i gcomparáid lena chéile agus gur cuid dhílis de shonraí cruinne a bheith ann é modh coiteann suirbhéireachta a ghlacadh. Cuireadh ceisteanna freisin faoin tionchar ar an timpeallacht áitiúil, faoi na dóigheanna is fearr ar féidir limistéir chaomhantais speisialta a chosaint agus na glasbhealaí a chothabháil agus faoin dóigh a n-oibrítear buiséid chothabhála, agus tagairt ar leith á déanamh do Ghlasbhealach Mór an Iarthair.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thionscadal OUR WAY agus faoin bpróiseas Foghlama Idir-réigiúnaí, téigh chuig an suíomh Gréasáin: www.interregeurope.eu/ourway/