Is í an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta í an tÚdarás Bainistíochta don CED in Éirinn. Tá sé freagrach as iarratais a ullmhú agus a chur faoi bhráid an CED, maoirseacht a dhéanamh ar thacaíochtaí a chur i bhfeidhm d’oibrithe incháilithe, tuarascálacha eatramhacha chur chun feidhme clár a ullmhú agus tuairisciú don Choimisiún Eorpach ar sheirbhísí agus ar chláir a dtacaíonn an CED leo lena n-áirítear tuarascáil deiridh an CED a chur isteach do gach clár faoi seach.
Tá Údarás Deimhniúcháin CED lonnaithe sa Roinn Ardoideachais agus Breisoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta freisin. Is é an ról atá aige ná lena chinntiú go bhfuil an caiteachas ar sheirbhísí agus ar chláir a fhaigheann tacaíocht ó CED beacht, go gcomhlíontar ann rialacháin Eorpacha agus náisiúnta agus go bhfuil sé ag teacht le critéir CED.
Soláthraíonn Soláthróirí Seirbhíse CED mar Bhoird Oideachais agus Oiliúna, institiúidí ardoideachais agus Oifigí Fiontair Áitiúla réimse de thacaíochtaí oideachais, oiliúna agus fiontar faoi chláir CED. Féach ar Naisc le haghaidh tuilleadh eolais faoi na comhlachtaí ar leith lena mbaineann.
Necessary cookies are absolutely essential for the website to function properly. This category only includes cookies that ensures basic functionalities and security features of the website. These cookies do not store any personal information.
Any cookies that may not be particularly necessary for the website to function and is used specifically to collect user personal data via analytics, ads, other embedded contents are termed as non-necessary cookies. It is mandatory to procure user consent prior to running these cookies on your website.