The Human Capital Initiative

An Tionscnamh um Chaipiteal Daonna

Tá sé mar aidhm ag an Tionscnamh um Chaipiteal Daonna (HCI) cumas an ardoideachais a mhéadú chun freastal ar riachtanais scileanna na todhchaí. Leathnaíonn Cláir Tiontaithe Iarchéime an cur chuige atá i bhfeidhm faoi láthair do TFC faoi Springboard+; tairgfidh na cláir seo áiteanna dreasachta do chéimithe chun athoiliúint a chur ar fáil i réimsí ganntanas scileanna agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

 

Cuireann HCI áiteanna dreasachta ar fáil do chéimithe chun scileanna nua a bhaint amach i réimsí ganntanas scileanna agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, TFC, Déantúsaíocht Ardleibhéil, Anailísíocht Sonraí, Róbataic, Intleacht Shaorga, trí chúrsaí tiontaithe céimithe lánaimseartha. Cuirtear cúrsaí ar leibhéal 8 Ard-Dioplóma agus Dioplóma Iarchéime leibhéal 9 ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí ar fáil i réimsí de riachtanais scileanna aitheanta.