An raibh a fhios agat gur bhuaigh Éire maoiniú os cionn € 1 billiún ó Horizon 2020?
Beidh Clár Taighde agus Nuálaíochta an AE don Eoraip Ghlas, Shláintiúil, Dhigiteach agus Chuimsitheach á reáchtáil ó 2021 go dtí 2027, agus beidh buiséad iomlán de € 95.5 billiún aige. Tá sé mar aidhm ag Horizon Europe fás, trádáil agus infheistíocht a threisiú agus tionchar suntasach sóisialta agus comhshaoil a chruthú.
Déanfaidh Horizon Europe:
Ionchorpróidh Horizon Europe misin taighde agus nuálaíochta chun éifeachtacht an mhaoinithe a mhéadú trí spriocanna atá sainithe go soiléir a shaothrú. Tá cúig réimse misin aitheanta, gach ceann acu le bord misean agus tionól tiomnaithe. Cuidíonn an bord agus an tionól leis na misin shonracha a sheolfar faoi Horizon Europe i 2021 a shonrú, a dhearadh agus a chur i bhfeidhm.
Soláthraíonn taighde agus nuálaíocht eolas nua agus réitigh nuálacha chun ár ndúshláin shochaíocha, éiceolaíocha agus eacnamaíocha a shárú. Cuidíonn Horizon Europe le taighdeoirí agus nuálaithe den scoth a gcuid smaointe a fhorbairt agus a úsáid. Tacaíonn sé le heolaíocht den scoth tríd an tallann is fearr a thabhairt le chéile agus bonneagair den scoth a thabhairt dóibh. Anuas air sin, tacaíonn sé le nuálaíochtaí ceannródaíocha agus cabhraíonn sé le seirbhísí agus margaí nua a chruthú.
Fógraíonn cláir oibre na sainréimsí taighde agus nuálaíochta a mhaoineofar. ThBeidh na glaonna atá le teacht ar thograí inrochtana tríd an siopa ilfhreastail Tairseach Maoinithe agus Tairiscintí. Nuair a bheidh sé réidh tabharfaidh gach glao faisnéis níos beaichte ar na saincheisteanna taighde agus nuálaíochta ar cheart d’iarratasóirí ar mhaoiniú díriú orthu ina gcuid tograí.
Gheofar tuilleadh eolais ar chlár Horizon in Éirinn ag https://www.horizon2020.ie/.
Necessary cookies are absolutely essential for the website to function properly. This category only includes cookies that ensures basic functionalities and security features of the website. These cookies do not store any personal information.
Any cookies that may not be particularly necessary for the website to function and is used specifically to collect user personal data via analytics, ads, other embedded contents are termed as non-necessary cookies. It is mandatory to procure user consent prior to running these cookies on your website.