Foghlaim faoin Oideachas Bia in Barcelona

An tseachtain seo caite, thug Ann Marie Heneghan ó Scoil Cócaireachta Mhainistir Mhaigh Eo agus Amanda McCloat ó Choláiste San Aingeal, Sligeach, cuairt ar Barcelona mar chuid de thionscadal AE chun a fhoghlaim cén dóigh a mbíonn an ghastranamaíocht á cur chun cinn ag an gCatalóin san earnáil oideachais, idir an réamhscoil agus an ollscoil.

Tugadh an chuairt mar chuid de thionscadal dar teideal ‘EUREGA’ faoi chlár Interreg, rud a bhfuil Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair ina chomhpháirtí de. Tá sé mar aidhm leis an tionscadal aird a tharraingt ar a thábhachtaí atá an ghastranamaíocht don gheilleagar, don turasóireacht, don chóras oideachais agus dár sláinte.

Féachtar ar an gCatalóin mar cheannaire i réimse na gastranamaíochta agus an oideachais, mar gheall ar roinnt fiontar nuálach a bheith ar bun inti chun luach na gastranamaíochta a chur in iúl do gach cuid den tsochaí. In éineacht le 25 thoscaire ó réigiúin ghastranamaíochta eile san Eoraip, thug Ann Marie agus Amanda cuairt ar CETT: Scoil Turasóireachta, Fáilteachais agus Gastranamaíochta in Ollscoil Barcelona, ar Institiúid Cócaireachta Barcelona agus ar Fhondúireacht Alicia, rud a bhunaigh bunaitheoir elBulli, bialann a bhfuil cáil dhomhanda uirthi.

Ag labhairt di faoin turas, dúirt Ann Marie Heneghan, comhordaitheoir Scoil Cócaireachta Mhainistir Mhaigh Eo, “Sna hinstitiúidí agus san ollscoil ar thugamar cuairt orthu, taispeánadh sárshamplaí nuálaíochta amhail mic léinn a chumasú a dtob-bhialann féin a bhunú agus a reáchtáil agus teastais speisialta a bhronnadh ar mhic léinn de bharr inbhuanaitheacht cruthaitheachta a thaispeáint”.

Dúirt Amanda McCloat, Ceann na Roinne Eacnamaíochta Baile i gColáiste San Aingeal, Sligeach, “Bímid i gcónaí ag uasghrádú saoráidí sa Choláiste agus ag féachaint ar bhealaí nuálacha chun cúrsaí a sholáthar agus chun mic léinn a theagasc. Thug an turas go Barcelona sárdheis dúinn inspioráid a fháil ó institiúidí lasmuigh d’Éirinn agus foghlaim faoi na treochtaí i réimse na gastranamaíochta agus an oideachais”.

Le linn na seisiún oibre, d’fhoghlaim na toscairí faoi chur chun feidhme Phlean na Catalóine um Sholáthar Poiblí Bia, faoi chlár PAAS na Roinne Sláinte a bhfuil mar aidhm leis sláinte a chur chun cinn trí aclaíocht agus trí bhia sláintiúil, agus faoi chláir éagsúla atá deartha chun gnásanna bia shláintiúil a spreagadh i gceaintíní scoile. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thionscadal EUREGA, tabhair cuairt ar www.interregeurope.eu/eurega

Related Posts