Lufthansa Technik

Ar an 19 Meán Fómhair 2014 chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna a 9ú hiarratas isteach ar chómhaoiniú AE faoin CED le haghaidh clár treorach, oiliúna, oideachais agus tacaíochtaí fiontar do suas le 424 duine a cuireadh ar iomarca iocht ó dheireadh 2013 go lár 2014 ag an iar-áis cothabhála, deisiúcháin agus ollchóirithe aerárthaí de chuid Lufthansa Technik Airmotive Ireland (LTAI) i Ráth Cúil, Co. Bhaile Átha Cliath agus ina theannta sin do suas le 200 duine óg dífhostaithe faoi 25 bliana d’aois sa réigiún nach bhfuil ar chúrsa oideachais, faoi oiliúint nó fostaithe faoi láthair. Rith an clár CED, a fuair ceadú deiridh ó údaráis an AE in Aibreán 2015, go dtí an 19 Meán Fómhair 2016.

Gheofar tuilleadh faisnéise faoin gClár CED seo tríd an nasc thíos a leanúint.

Gheofar thíos tuarascálacha cur chun feidhme ar chlár CED Lufthansa Technik thíos:

Bunaíodh Fóram Feidhmiúcháin CED mar chabhair chun clár CED a chur chun feidhme, agus chun rannpháirtíocht sa chlár a bharrfheabhsú. Gheofar miontuairscí chruinnithe an Fhóraim thíos: Leathnaíodh 3ú Fóram Comhairleach LTAI chun clár CED PWAI a ceadaíodh le deireanas a chorprú ann.

Chuir Údarás Bainistíochta CED tuarascáil deireadh ar chlár CED faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ar an 16 Márta 2017. Gheofar é ag an nasc thíos:

Gheofar thíos anailís ar stádas mhargadh saothair an oibrí iomarcaigh agus na dtairbhithe óga NEET bliain amháin tar éis dheireadh chur i bhfeidhm chlár CED, i Meán Fómhair 2017, lena n-áirítear miondealú de réir inscne agus catagóir gairme an oibrí: