Cruinniú de chuid Choiste Faireacháin Cláir na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair

Image of

Cruinniú de chuid an Choiste Faireacháin do Chlár Oibríochtúil Réigiúnach na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair

Ag feidhmiú dóibh mar Údaráis Bhainistíochta do na Cláir Oibríochtúla in Éirinn atá comhchistithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRA), chuir an dá Thionól Réigiúnacha coiste faireacháin cláir fíorúil comhpháirteach ar siúl an 15 Meán Fómhair chun an dul chun cinn ón mbliain 2019 i leith a athbhreithniú.

Tuairiscíodh dea-dhul chun cinn ar fud an dá Chlár Oibríochtúla.

Maidir leis na tosaíochtaí uile faoi Chlár Oibríochtúil Réigiúnach na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair, rinneadh €247,659m i gcaiteachas incháilithe poiblí a roghnaíodh a thuairisciú, áit ar tuairiscíodh gurb é an comhlacht atá freagrach as íocaíochtaí a dhéanamh le tairbhithe a d’íoc €210,128m i gcaiteachas poiblí.

Dhearbhaigh an tÚdarás Bainistíochta caiteachas incháilithe le haghaidh na tréimhse go dtí an 31/12/2018 sa chéad sé mhí den bhliain 2019 roimh spriocdháta gharspriocanna airgeadais mhí an Mheithimh 2019. Mar thoradh air sin, b’amhlaidh, amhail an 28 Meitheamh 2019, gurbh ionann agus €81,930,283m an méid iomlán caiteachais incháilithe a iontráladh i gcóras cuntasaíochta an údaráis deimhniúcháin agus ar dheimhnigh an t-údarás é ar fud na dtosaíochtaí uile don tréimhse ón 01/01/14 go dtí an 31/12/2018. Faoi dheireadh na bliana 2019, b’ionann agus €90,643,530m an méid iomlán caiteachais incháilithe a iontráladh i gcóras cuntasaíochta an údaráis deimhniúcháin agus ar dheimhnigh an t-údarás é ar fud na dtosaíochtaí uile don tréimhse ón 01/01/14 go dtí an 31/12/2019.

Rinneadh dea-dhul chun cinn ar na Tosaíochtaí Infheistíochta uile atá ar áireamh i gClár Oibríochtúil Réigiúnach na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair a chur chun feidhme. Tá an Clár Oibríochtúil á sholáthar ar bhealach éifeachtach pleanáilte agus tá torthaí iontacha á mbaint amach aige. Tá a spriocanna á mbaint amach aige, agus is ard atá an ráta roghnúcháin, na haschuir fhisiciúla agus an caiteachas atá á thuairisciú ag comhlachtaí idirmheánacha.

Íoslódáil an Achoimre Saoránach do Chlár Oibríochtúil Réigiúnach na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair, 2019 (26 mb)

Íoslódáil an Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn ar Chlár Oibríochtúil Réigiúnach na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair, 2019 (96 mb)

 

 

 

Related Posts