Comóireann an tAire Donohoe Lá na hEorpa ach Foilseacháin ‘AE i mo Réigiún’ a sheoladh
Rinne Paschal Donohoe TD, an tAire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Lá na hEorpa a chomóradh inniu, Déardaoin an 9 Bealtaine, ach dhá fhoilseachán nua a sheoladh mar chuid d’fheachtas ar a dtugtar ‘AE i mo Réigiún’, ina n-insítear na scéalta atá ag roinnt den líon mór tionscadal éagsúil a fuair cistí Eorpacha. Gach bliain ar Lá na hEorpa, an 9 Bealtaine, ceiliúrtar an tsíocháin agus an rathúnas a baineadh amach laistigh den Aontas Eorpach óna bhunú.
Is é atá sna foilseacháin ná cás-staidéir ar thionscadail ar chistigh Cláir na hÉireann faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa iad i Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair in Éirinn. Ba é Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair a chruthaigh na bróisiúir chun a thaispeáint cé na tairbhí a bhain an réigiún as cistiú ó AE.
Sheol an tAire Donohoe na foilseacháin ar maidin, agus é ag labhairt faoin luach a bhaineann le ballraíocht na hÉireann den Aontas Eorpach agus ag déanamh machnamh ar an Ráiteas Náisiúnta maidir leis an Aontas Eorpach, rud lena gcuirfear bonn eolais faoin rannchuidiú a dhéanfaidh Éire leis an gcéad Chlár Oibre Straitéiseach cúig bliana eile ón Aontas.
Dúirt sé:
“Is am dúshlánach don Aontas Eorpach é seo. Tá sé níos tábhachtaí fós anois, mar sin, go ndéanfaimis machnamh ar an tionchar a imríonn Ballraíocht den Aontas ar Éirinn agus go gcuirfimis in iúl an líon mór tairbhí dearfacha a ghabhann leis an mBallraíocht sin.”
Tharraing an tAire Donohoe aird freisin ar an bhfeachtas feasachta “an babhta seo, beidh mé ag vótáil do” de chuid Pharlaimint na hEorpa, agus é ag rá:
“Le linn Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa, déanfaidh saoránaigh ar fud na mBallstát uile FPEnna a thoghadh chun ionadaíocht a dhéanamh dóibh thar na cúig bliana atá romhainn. Beag beann ar a dtuairimí polaitiúla nó a gceangal polaitiúil, mholfainn go láidir do gach duine dul amach agus vóta a chaitheamh Dé hAoine an 24 Bealtaine.”
Ag deireadh an tseolta, mhol an tAire Donohoe Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair ar na foilseacháin ‘AE i mo Réigiún’ a ullmhú. Dúirt sé go dtugtar sna cás-staidéir a roghnaíodh fianaise an-soiléir an-dearfach ar an bhfíor-bhreisluach Eorpach a bhaintear amach agus go léirítear go soiléir iontu an dóigh a mbíonn infheistíocht ó AE agus ó Státchiste na hÉireann ag dul chun tairbhe do shaoránaigh i Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair.
Thug an tUas. David Minton, Stiúrthóir Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair, faoi deara go gcuimsíonn Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair ocht gcontae ina bhfuil dhá aerfort, 45,000 gnólacht, 140 cuideachta ilnáisiúnta infheistíochta dírí eachtraí, agus ionaid chultúir agus turasóireachta faoi bhláth. An phríomhthoisc a bhí taobh thiar de na héachtaí sin, dar leis, ba ea an infheistíocht €5 billiún a fuarthas i gcistiú Comhtháthaithe. Dar leis, ní hé amháin gur bhain an cistiú Eorpach le hinfheistíocht ríthábhachtach i mbóithre, in ionaid chóireála uisce agus i mbonneagar eile, ach d’éascaigh sé fás inár mbailte agus chumasaigh sé dáileadh earraí agus rathúnas trí thionscadail taighde cheannródaíocha agus trí scéimeanna nuálacha eile freisin.
Dúirt sé:
“Leanann an Eoraip le ról bunathraitheach a imirt inár réigiún. Má smaoinímid faoin dóigh a n-oibrímid, a dtaistealaímid agus a ndéanaimid siopadóireacht, faoi cháilíocht ár dtimpeallachta, faoi na deiseanna a bhíonn againn chun foghlaim agus faoin dóigh a ndéanann ár ngnólachtaí a gcuid earraí agus seirbhísí a cheannach agus a dhíol, is amhlaidh go gcuirtear feabhas ar an méid sin ar fad agus go n-éiríonn sé níos éifeachtaí mar gheall ar ár mballraíocht den Aontas Eorpach agus ar na comhpháirtíochtaí atá againn ann.”
Dúirt an tUas. Minton freisin:
“Teastaíonn tuiscint níos doimhne uainn ar an Aontas Eorpach, agus is é sin an cuspóir atá leis an bhfeachtas ‘AE i mo Réigiún’. Ba mhaith linn ceist amháin a fhreagairt: ‘Cad a rinne an tAontas Eorpach dúinn riamh?’ ‘Cuid mhór’ is ea an freagra gearr ar an gceist sin.”