An Clár New Futures

LouiseFinnegan_GraduationSpeaker2019

Le Clár New Futures de chuid One Family, tacaítear le mná ar tuismitheoirí aonair iad agus atá éighníomhach ón taobh eacnamaíoch de leas a bhaint as deiseanna oiliúna agus forbartha.

Tá Louise Finnegan ina tuismitheoir aonair le ceathrar iníonacha. Tar éis di roinnt cúrsaí pobalbhunaithe a chríochnú san am atá thart, chinn Louise páirt a ghlacadh sa Chlár New Futures de chuid One Family sa bhliain 2017. B’eol do Louise go raibh sí ag iarraidh filleadh ar an oideachas. Cé go raibh sí inspreagtha, bhí easpa muiníne aici. B’eol do Louise freisin go raibh sí ag iarraidh obair sa phobal. Níorbh eol di cá dtosódh sí, áfach.

Tríd an gClár New Futures, fuair Louise an deis chun a cuid láidreachtaí agus cumais nádúrtha a iniúchadh agus chun a fháil amach cén chonair ghairme ba mhaith léi a leanúint. Trí leas a bhaint as tacaíocht duine le duine, choinnigh Louise uirthi agus sháraigh sí na dúshláin a tháinig roimpi ar an mbealach. I mí Mheán Fómhair 2018, rollaigh Louise sa Bhonnchlár Rochtana in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Bhain sí pas le gradam amach ón gClár i mí na Bealtaine 2019.

I mbliana, bhí Louise ina cainteoir painéil ag Ócáid Beartais Lá Idirnáisiúnta na mBan de chuid AONTAS agus tugadh cuireadh di freastal ar Ghníomhaíocht Feasachta agus Treorach Piarfhoghlama i Lucsamburg. Chomhroinn Louise a taithí phearsanta ar fhilleadh ar ais ar an oideachas. Labhair sí faoin éifeacht bhunathraitheach atá ag an bhfoghlaim aosach agus faoin dóigh ar chabhraigh an fhoghlaim aosach léi féinmhuinín a chothú agus a cumas a aithint.

I mí an Mheithimh 2019, bhí Louise ina spreagchainteoir ag searmanas bronnta céimeanna an Chláir New Futures. Mhol Louise do chéimithe an Chláir leas a bhaint as an tacaíocht atá ar fáil óna n-oibrí bunriachtanach de réir mar a leanann siad ar aghaidh ar a n-aistear ón oideachas go dtí an fhostaíocht.

“Ná tógaigí ach céimeanna beaga ar dtús. Féachaigí ar na gnéithe dearfacha de gach staid toisc gur féidir libh foghlaim ó gach a ndéanann sibh, agus bainigí leas as an tacaíocht atá ar fáil ó bhur n-oibrí bunriachtanach,” a dúirt Louise Finnegan.

Tá Louise ag tabhairt faoi chlár céime leibhéal 8 i gCúram Sóisialta in Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath faoi láthair.

Related Posts