Sa ghrianghraf, ó chlé go deas: Keith McManus, Institiúid Teicneolaíochta Shligigh; Patrick Devine, Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair; Jose Manuel San Emeterio, ERNACT; Aidan McKenna, Fiontraíocht Éireann; Michael O’Brien, Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair; agus Tara Nicholas, Comhairle Ceantair Dhoire agus an tSratha Báin.
Chuaigh beirt gheallsealbhóirí ó Fhiontraíocht Éireann agus ó Institiúid Teicneolaíochta Shligigh i bpáirt le comhpháirtithe ó Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair agus ó ERNACT ag seoladh oifigiúil thionscadal DEVISE in Santander, ar cathair chalafoirt í, an 29 Eanáir 2019.
Ba é Rialtas Réigiúnach Cantabria, an comhpháirtí Spáinneach, a d’óstáil an ócáid seolta, ar lena linn a soláthraíodh ceardlann agus láithreoireachtaí maidir le Tionsclaíocht 4.0 agus a tugadh roinnt cuairteanna ar an láithreán ar chuideachtaí teicneolaíochta sa réigiún.
Ar maidin, chuir D. Jorge Muyo López (Bainisteoir Ginearálta um Nuálaíocht, Forbairt Teicneolaíochta agus Fiontraíocht Thionsclaíoch) fáilte roimh an mbreis agus 50 duine a bhí i láthair. Áiríodh leo sin ionadaithe ó chuideachtaí in earnálacha digiteacha agus in earnálacha tábhachtacha eile amhail déantúsaíocht agus comhpháirtithe de chuid DEVISE agus a gcuid geallsealbhóirí ó na tíortha seo a leanas: Éire; an Rómáin; an Spáinn; an Bhulgáir; an Fhionlainn; an Ríocht Aontaithe; an Fhrainc; agus an Bheilg.
Ina dhiaidh sin, ghlac na rannpháirtithe páirt i gceardlann dar teideal ‘Monarchana Cantabria amach anseo’, áit ar díríodh ar Thionsclaíocht 4.0 mar cheann de phríomhchumasóirí an chlaochlaithe dhigitigh i measc fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). Bhí deis acu cluinstin ó ghníomhaithe ó chineálacha difriúla eagraíochtaí le linn na ceardlainne, lenar áiríodh Eagraíocht Scoileanna Saothair na Spáinne (EOI), fiontair bheaga agus mheánmhéide dhigiteacha a sholáthraíonn réitigh i réimsí amhail an róbataic (IBEROBOTICS) agus an réaltacht fhíorúil (BINARYBOX STUDIOS), agus cuideachtaí déantúsaíochta agus uathghluaisneacha atá ag dul faoi chlaochlú digiteach amhail FUNDICIONES CARG, SEG AUTOMOTIVE, FLUIDOS Y MECÁNICA Cantabria agus FLYMCA. Rinneadh díospóireacht thairbheach ina ndearnadh machnamh ar thosca tábhachtacha amhail scileanna Thionsclaíocht 4.0 a fhorbairt i measc baill foirne agus ar an tábhacht a bhaineann le claochlú digiteach a stiúradh laistigh den eagraíocht.
Um thráthnóna, bhí deis ag comhpháirtíocht DEVISE cuairt a thabhairt ar Santander Teleport, ar saoráid uathúil é ina soláthraítear cumhdach satailíte os cionn Chríocha Mheiriceá, na hEorpa, na hAfraice, codanna den Áise, an Atlantaigh agus an Aigéin Indiaigh.
Ar lá a dó, tháinig na comhpháirtithe le chéile don chéad chruinniú de chuid an Choiste Stiúrtha chun athbhreithniú a dhéanamh ar dhul chun cinn ar ghníomhaíochtaí tionscadail agus chun bearta amach anseo a chomhaontú. Ar an lá céanna, bhí deis ag na geallsealbhóirí tabhairt faoi chuairteanna an-spéisiúil ar an láithreán, lenar áiríodh Ionad Fiontraíochta Idirnáisiúnta Santander, an tsaotharlann samhaltaithe Tráchta agus Iompair Phoiblí, agus Grúpa Innealtóireachta Teileamaitice Ollscoil Cantabria, rud a bhfuil taithí leathan aige agus a bhfuil teist fhada air i réimse na gCathracha Cliste agus a bhfuil aitheantas bainte amach aige ar leibhéal an Aontais Eorpaigh de bharr tionscadail shuaitheanta amhail Smart Santander a stiúradh.
Ba mhaith linn an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil le Rialtas Réigiúnach Cantabria as ócáid rathúil a eagrú agus leis na comhpháirtithe agus na geallsealbhóirí a d’fhreastail uirthi.
Thug na geallsealbhóirí eachtracha cuairt ar Ollscoil Cantabria agus tháinig siad le chéile leis an Ollamh Federico Gutiérrez-Solana ó Ionad Fiontraíochta Idirnáisiúnta Santander. Thug an tOllamh Solana agus a fhoireann breac-chuntas ar na cláir atá ar fáil chun tacú leis an bhFiontraíocht ar fud na Spáinne agus thar lear.
Tháinig an grúpa le chéile ansin leis an nGrúpa Taighde um Chórais Iompair ag an Ollscoil chun taispeántas a fháil de thaighde ar bhainistíocht tráchta. Agus leas á bhaint aige as foinsí éagsúla sonraí amhail comhaireamh tráchta, ceamaraí tráchta, faisnéis soilse tráchta agus rianú busanna, soláthraíonn an tIonad réitigh le haghaidh bainistíocht tráchta, le haghaidh freagairt d’éigeandálaí agus le haghaidh pleanáil agus bainistíocht iompair phoiblí.
Fíor 1 – An Grúpa Taighde um Chórais Tráchta
Ba ó thionscadal Smart Santander, tionscadal Idirlín amach anseo, a fuarthas an láithreoireacht deiridh. Is é atá i gceist leis an tionscadal ná na mílte ceann de bhraiteoirí agus de ghléasanna Idirlíon na Rudaí Nithiúla a imscaradh ar fud chathair Santander agus faireachán agus anailís a dhéanamh ar na sonraí chun feabhas a chur ar na seirbhísí a sholáthraítear don chathair agus dá háitritheoirí.